An Cladach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceantar i gcathair na Gaillimhe é an Cladach.[1] Nuair ba chathair le ballaí i seilbh Gallda í Gaillimh sna meánaoiseanna, ba é an Cladach an baile iascaireachta Gaelach thiar uaidh. Bhíodh rí ar an gCladach, a toghtaí imeasc na ndaoine, agus dheineadh sé breithiúnas ar chásanna idir na daoine. Sa Chladach, freisin, a thosaigh nós fáinne Chladaigh, a d'iompraíodh mná i mbealaí éagsúla, ag brath ar a stádas cleamhnais.
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
Claddagh (en) An Cladach (ga) ![]() | ||||
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Cathair | Gaillimh ![]() | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 2,614 (2006) ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 85 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Tithe beaga bídeacha a bhí ar an gCladach go dtí na 1930í, nuair a daoradh iad mar chontúirt sláinte, agus nuair a cuireadh eastát tithíochta ar bun dosna daoine a cuireadh as seilbh a seantithe. Tá cuid den muintir céanna fós sa Chladach, agus tá roinnt báid iascaireacha agus pleisiúir ar an duga.
Tá cumann sacair sa Chladach inniu, agus séipéal agus mainistir Doiminiceánach.