Amfaibiach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ainmhithe veirteabracha iad na hamfaibiaigh (ón nGréigis αμφις "dhá" and βιος "saol"), le raon mór tréithe is stíleanna beatha, de ghnáth le 4 chos, craiceann faireogach, gan lanna ná aon fhiafhás eile. Maireann na larbhaí san uisce, agus análaíonn trí gheolbhaigh sheachtracha chleiteacha. Téann sé trí chlaochlú le linn a fháis nuair a chrapann is a imíonn na geolbhaigh. Análaíonn an t-ainmhí fásta le scamhóga, agus i méid áirithe tríd an gcraiceann. 3 phriomhrang díobh ann: salamandair is eirc, froig is buafa, agus caochailigh gan chosa. Tá tuairim agus 6,200 speiceas d'amfaibiaigh a mhaireann.[1]
Fíricí Gasta Amphibia, Sonraí ...
Amphibia | |
---|---|
Sonraí | |
Príomhfhoinse bia | feithid, iseapóid, Vermes, araicnid agus gastrapód |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Bilateria |
Fíleam | Chordata |
Fofhíleam | Vertebrata |
Foraicme | Tetrapoda |
Aicme | Amphibia Gray, 1825 |
Dún