![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a9/Altair1.jpg/640px-Altair1.jpg&w=640&q=50)
Altair
réalta / From Wikipedia, the free encyclopedia
S’é Altair (α Aquilae, α Aql) an réalta is gile sa réaltbhuíon Aquila agus an dara réalta déag is gile i spéir na hoíche. Tá sé sa néall–G i láthair na huaire. Is réalta Cineál A den phríomhord é Altair a bhfuil ollméid radharcach fhollasach de 0.77 aige agus é ina cheann de trí rinn an Triantáin Samhraidh. Is iad an bheirt rinn eile ná Deneb agus Vega. Tá sé faoi 16.7 solasbhlianta (5.13 parsoic) ón Domhain agus is ceann de na réaltaí is goire dúinn atá infheicthe don súil nocht. Rothlaíonn Altair go tapaidh, le luas ag an mheánchiorcal de tuairim is 286 clm/s. Nochtaigh staidéar leis an Palomar Triail-leaba Trasnamhéadar nach bhfuil Altair sféarúil ach go bhfuil sé maol treascartha ag na mólanna de bharr a ard ráta imrothlaithe. Dhearbhaigh staidéir trasnamhéadaracha eile le teileascóip iolracha ag oibriú san fhodhearg an feiniméan seo.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/7d/Aquila_charta.png/640px-Aquila_charta.png)