Aistriúchán litriúil
From Wikipedia, the free encyclopedia
Aistriúchán litriúil, aistriúchán díreach nó aistriú focal ar fhocal is ea aistriúchán ar théacs ó theanga amháin go teanga eile, déanta trí gach focal a aistriú go leithleach, gan féachaint ar an gcaoi a n-úsáidtear na focail le chéile in abairt nó i bhfrása.[1] [2] (Laidin: verbum pro verbo).
I dteoiric an aistriúcháin, téarma eile ar "aistriúchán litriúil" is ea meiteafrása (seachas parafrása nó athinsint le haghaidh aistriúcháin analógaigh atá ar aon dul leis).
Is éard a bhíonn mar thoradh ar aistriúchán litriúil ná mí-aistriúcháin ar nathanna cainte, fadhb thromchúiseach í sin le haghaidh aistriúcháin mheaisín.[3]