Aistriúchán
an próiseas chun téacs a aistriú From Wikipedia, the free encyclopedia
Cumarsáid scríofa atá san aistriúchán ina dtiontaítear brí téacs as teanga amháin go teanga eile.[1][2]
- Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear agus tugtar an sprioctheanga ar an teanga lena gcríochnaítear.
- Tugtar aistritheoir ar an duine a dhéanann an t-aistriúchán agus bíonn eolas aige ar dhá theanga, ar a laghad, d'fhonn aistriúchán ar chaint nó ar théacs scríofa a tháirgeadh sa sprioctheanga. Ní hamháin go mbíonn tuiscint mhaith ar an téacs ag teastáil ón aistritheoir, bíonn sé riachtanach go mbeadh sé in ann leagan éifeachtach a chur ar fáil sa sprioctheanga a luíonn le nádúr na teanga sin.
- Tugtar aistriúchán ar an bpróiseas ina ndéantar aistriúchán agus ar thoradh an phróisis sin freisin, sé sin an saothar a thagann as.

Bíonn an baol i gcónaí ann go dtabharfadh an t-aistritheoir struchtúr agus nathanna cainte na teanga foinse isteach leis sa sprioctheanga agus é ag aistriú téacs, sé sin go mbeadh traschur truaillithe ann.
Ar an taobh eile de, is féidir le focail agus nathanna iasachta cur go mór le teanga ar bith. I gcás mionteangacha moltar bheith cúramach gan an iomarca leaganacha iasachta a ligean isteach ar fhaitíos go mbáfaí an teanga ar fad i dtuile nathanna ón mórtheanga. Aistrítear go leor cineálacha téacs, idir theicniúil agus liteartha agus eile.
Mar gheall ar an mór-éileamh a bhí ann ar dhoiciméadú gnó de bharr Réabhlóid na Tionsclaíochta, a thosaigh i lár an 18ú haois, tháinig foirmiúlú agus speisialú ar cheird an aistriúcháin agus bunaíodh scoileanna tiomanta agus cumainn ghairmiúla.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.