Airéine Verona
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Airéine Verona[2] suite in Piazza Bra, Verona i dtuaisceart na hIodáile. Thóg na Rómhánaigh an airéine seo sa chéad aois, timpeall 30-31AD. Dhá mhíle bliain de stair atá fós ina sheasamh ann.[3]
Fíricí Gasta WD Bosca Sonraí Foirgneamh, Sonraí ...
Airéine Verona | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Áras ceoldrámaíochta, amfaitéatar Rómhánach, suíomh seandálaíochta, amharclann, díol spéise do thurasóirí, struchtúr de chuid na Sean-Róimhe, archaeological artifact museum (en) , historical civil building museum (en) agus museum of a public entity (en) | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Ailtireacht na Róimhe | |||
Déanta as | cloch | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Verona, An Iodáil | |||
Suíomh | Piazza Bra 1, 37121 Verona | |||
| ||||
Oidhreacht náisiúnta na hIodáile | ||||
Gníomhaíocht | ||||
Uaireanta oscailte | (1 Meitheamh–30 Meán Fómhair) an Luan (09:00–19:00) (1 Meitheamh–30 Meán Fómhair) Máirt go Domhnach (09:00–17:00) (1 Deireadh Fómhair–31 Bealtaine) Máirt go Domhnach (09:00–19:00) Dúnta: 25 Nollaig, 1 Eanáir | |||
Líon fostaithe | 6 (2011) | |||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 195,540 (2020) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | arena.it | |||
Dún
Ludis an t-ainm a thug na Rómhánaigh ar an airéine, focal Laidine a chiallaíonn spórt nó cluiche. Mar sin de, ionad cluichí, le rásanna carabad san áireamh, ab ea é. San am sin freisin, bhíodh fuílleach spáis le haghaidh 30,000 de lucht féachana. Ach le céad bliain anuas anois, is ionad ceoldrámaíochta é a bhfuil clú domhanda air, le spás ann anois do fiche míle.[3] Gach bliain reáchtáiltear Seisiún Ceoldrámaíochta Verona ann agus réalta mór le rá i láthair, mar shampla Placido Domingo.