Aidhniúch
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba iad na hAidhniúigh muintir dhúchasach Thuaisceart na Seapáine agus Oileán Sakhalin sa Rúis. Go stairiúil, labhraídís teangacha nó canúintí dá gcuid féin - teangacha Aidhniúcha, is é sin, Aidhniúis Hokkaido, Aidhniúis Sakhalin, agus Aidhniúis Oileáin Chúiríl. Ní raibh gaol ar bith ag na teangacha seo le haon teanga eile. Inniu, chuaigh an Aidhniúis - an trí chineál - in éag, ach sa tSeapáin ar a laghad, rinneadh taighde cuimsitheach ar an teanga, ar an mbéaloideas Aidhniúch agus ar na nósanna pobail, agus mar sin, is féidir Aidhniúis - Aidhniúis Hokkaido ar a laghad - a fhoghlaim is a shaothrú leis an bhféiniúlacht Aidhniúch a chur in iúl.
Cineál | grúpa eitneach |
---|---|
Teanga | an Aidhniúis |
Eapainm | duine agus Ae-oina Kamuy (en) |
Tíreolaíocht | |
Stáit | an tSeapáin agus an Rúis |
Is deacair a rá cá mhéad Aidhniúch atá fágtha ar an saol. Bíonn na hAidhniúigh ag pósadh Seapánach eitneach le roinnt glúnta anuas, agus mar sin, ní féidir teacht ar "Aidhniúigh ghlana" a thuilleadh - le fírinne níl ciall ar bith ag baint le coincheap an Aidhniúigh ghlain a thuilleadh. De réir na tuisceana oifigiúla á 25,000 Aidhniúch sa tSeapáin inniu, ach is í an uimhir a thugann eagraíocht na nAidhniúch ná 200,000. Cé go bhfuil an teanga ag saothrú an bháis le píosa maith ama anuas, tá litríocht is iriseoireacht ag dul i gcló sa teanga, nó cuireann a lán de shliocht na sean-Aidhniúch spéis i gcultúr a sinsear inniu féin.
Ba é Shigeru Kayano (1926-2006) an fear mór athbheochana sa 20ú haois i saol cultúrtha na nAidhniúch. Aidhniúch a bhí ann féin, agus é ina theangeolaí féinteagasctha agus ina bhéaloideasóir. Bhí sé ina theachta ar pharlaimint na Seapáine freisin agus é ag cur troda ar son na nAidhniúch go lá a bháis. Scríbhneoir an-bhisiúil a bhí ann, nó d'fhoilsigh sé na scórtha leabhar faoi theanga is faoi thraidisiúin a mhuintire.