Aimíonaigéad
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa cheimic, is móilín é an t-aimíonaigéad[1][2] ina bhfuil feidhmghrúpaí aimíní agus carbocsailí le chéile ann. Sa bhithcheimic, tagraíonn an téarma seo d'alfa-aimíonaigéid leis an fhoirmle ghinearálta H2NCHRCOOH, arb ionann R agus malartaí orgánach. Sna halfa-aimíonaigéid, tá na grúpaí áimíní agus carbocsaláití greamaithe chuig an carbón céanna, glaoite an 'α–charbón'. Bíonn an bunstruchtúr céanna ag na haimíonaigéid ar fad. Tá adamh carbóin (C) acu ar fad sa lár, agus ag dul amach uaidh sin mar gha, - aimínghrúpa NH2 (acailceach), grúpa carbocsaile - COOH (aigéad) agus adamh hidrigine atá i gcoiteann ag an haimíonaigéid ar fad. Chomh maith leis sin, bíonn adamh/grúpa eile ag na haimíonaigéid ar fad. Athraíonn sé seo ag brath ar an aimíonaigéad. Tá difríocht idir na halfa-aimíonaigéid de réir an cineál taobhshlabhra (R-ghrúp) atá ceangailte chuig a gcarbón-alfa.
Substaint cheimiceach | aicme struchtúrtha ian |
---|---|
Eile | |
amfaiteireacht |
Tá éagsúlacht mhór iontu ó thaobh toise, níl ach hidrigin amháin ag glicín, grúpa meitile ag alainín agus grúpa mór heitreafháinneac ag tripteafan.
Ar leith ó na haimíonaigéid atá faighte i ngach beathachruth, tá ról ríthábhachtacha ag aimíonaigéid neamhnádúrtha san earnáil tionsclaíochta agus teicneolaíochta, mar shampla, Is alfa-aimíonaigéid iad an t-oibreáin chrágtha EDTA agus an t-aigéad nítríl trí-aicéiteach atá tábhachtach i dtionscal na gceimiceán.