From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceann de na céimeanna is airde sa chabhlach i dtíortha áirithe é aimiréal. Sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha an Chomhlathais Bhriotanaigh, is ionann "lán-aimiréal" agus "lánghinearál" san arm nó san aerfhórsa, agus is céim níos airde ná leasaimiréal é, agus níos ísle ná Aimiréil an Chabhlaigh.
Is dócha go dtagann an focal aimiréal ón Fhraincis amiral, ón Laidin mheánaoiseach admiralis, admirallus. Tháinig na focail Laidne seo ón Araibis amīral (أمير الـ) – amīr (أمير), “rí, prionsa, ceannaire, uasal, tiarna, gobharnóir”, agus al (الـ), an t-alt Araibise (“an” i nGaeilge). In Araibis, tugtar Amīr al-Baḥr (أمير البحر) ar aimiréal freisin; anseo, ciallaíonn al-Baḥr (البحر) “an fharraige”.[1][2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.