Aigéad carbocsaileach é an t-aigéad ocsalach, HOOCCOOH atá le fáil go nádúrtha sa dúlra. Tá móilín an aigéid seo comhdhéanta as dhá ghrúpa charbocsaileacha, -COOH, agus ós dual don iomaí adamh ocsaigine sin na leictreoin a tharraingt chucu, tá an t-aigéad seo níos láidre ná an t-aigéad carbocsaileach tipiciúil. Ocsaláití a thugtar ar shalainn an aigéid ocsalaigh, agus tá ocsaláití a lán miotal dothuaslagtha san uisce. Sampla de sin is ea an ocsaláit chailciam, Ca(COO)2, arb í príomh-chomhábhar na gcloch duáin í.
Fíricí Gasta Substaint cheimiceach, Mais mhóilíneach ...
Aigéad ocsalach |
|
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|
Mais mhóilíneach | 89.995 Da |
---|
Tacsón ina n-aimsítear é | Rhodiola rosea, Amaranthus tricolor, Penicillium oxalicum, Lupinus luteus, an t-aló íceach, Chlamydomonas reinhardtii, Actinidia arguta, Actinidia chinensis, Actinidia hemsleyana, Actinidia polygama, Albizia julibrissin, oinniún, Alocasia odora, Artemisia scoparia, Bambusa, Beta vulgaris, Betula pendula, Bulgaria inquinans, Camellia sinensis, Chenopodium, Colocasia esculenta, lus na bailbhe, Gleditsia triacanthos, Glehnia littoralis, Herniaria hirsuta, Imperata cylindrica, Lupinus albus, Morus nigra, Plinia cauliflora, Opuntia microdasys, Oxalis tuberosa, Parthenium hysterophorus, Cenchrus purpureus, pailm dátaí, Phyllostachys edulis, pis, Populus lasiocarpa, Portulaca oleracea, crann silíní fiáin, Prunus salicina, Pomagrainít, dair ghallda, raidis, briúlán, Sambucus ebulus, trom, Sclerotinia trifoliorum, Stromatinia cepivora, Setaria sphacelata, Sida veronicaefolia, práta, spionáiste, Telekia speciosa, Tetragonia tetragonioides, Tetragonia tetragonoides, Thymus transcaucasicus, Trigonella foenum-graecum, leamhán sléibhe, Vaccinium macrocarpon, pónaire leathan, Xanthosoma sagittifolium, Xanthosoma caracu, Xanthosoma violaceum, Zingiber mioga, planda sinséir, Terminalia chebula, Parasenecio hastatus, caor chon, Homo sapiens, Tamus communis, crotharnach, piseánach, Sida cordata, Echinopsis chamaecereus, Streptomyces cattleya, Cacalia hastata, Caenorhabditis elegans, Panax ginseng, Brassica oleracea, lus an sparáin, tráta, Aronia melanocarpa, Sophora lehmannii, Ascochyta medicaginicola agus Sophora lehmanni |
---|
Ról | reducing agent (en) agus príomh-mheitibilít |
---|
|
Foirmle cheimiceach | C₂H₂O₄ |
---|
|
SMILES canónta | |
---|
InChI | Model 3D |
---|
|
Dlús | 1.9 g/cm³ (a 20 °C) |
---|
PKa | 1.19 |
---|
Tuaslagthacht | 14 g/100 g (uisce, 20 °C) |
---|
Móimint leictreach dhépholach | 0 C m |
---|
Pointe leáite | 189.5 °C |
---|
Fiuchphointe | 365 °C |
---|
Móimint leictreach dhépholach | 0 C m |
---|
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −817.38 kJ/mol |
---|
Combustion enthalpy (en) | −251.8 kJ/mol |
---|
Galbhrú | 0.001 mmHg (a 20 °C) |
---|
|
Dáileog mharfach airmheánach | 270 mg/kg (luch thí, instealladh inpheireatóineach) |
---|
Meánteorainn nochta ualaithe ama | 1 mg/m³ (10 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
---|
Short-term exposure limit (en) | 2 mg/m³ (luach ar iarraidh) |
---|
Splancphointe | 166 °C |
---|
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte | 500 mg/m³ |
---|
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () |
|
solad inlasta |
Dún
Tá aigéad ocsalach le fáil sa bhiabhóg (is é sin, an rúbarb), sa samhadh, sna duilleoga tae, sa ruán (is é sin, lús na gcearc), sa pheirsil, i síolta an phoipín, agus a lán eile.
Úsáidtear aigéad ocsalach leis an meirg a bhaint den iarann nó leis an iarann a bhaint as na mianraí, nó le haghaidh glantacháin de chineál eile. Buanaitheoir dathanna é freisin, agus is féidir laíon adhmaid a bhléitseáil leis.