Aigéad comhchuingeach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhdhúil cheimiceach é aigéad comhchuingeach, laistigh de theoiric aigéad–bunanna Bhrønsted-Lowry, a fhoirmítear nuair a dheonaíonn aigéad prótón (H +) go dtí bun - i bhfocail eile, is bun é le hiain hidrigine curtha leis, mar san imoibriú cúlaithe cailleann sé ian hidrigine. Ar an láimh eile, is bun comhchuingeach é an speiceas atá fágtha tar éis d’aigéad prótón a dheonú, le linn imoibrithe cheimicigh. Dá réir sin, is éard is bun comhchuingeach ann ná speiceas a fhoirmítear trí phrótón a ghlacadh as aigéad, mar gheall ar an imoibriú cúlaithe tá sé in ann ian hidrigine a ghnóthú.[1] Toisc go bhfuil roinnt aigéad in ann nís mó na prótón amháin a scaoileadh, d’fhéadfadh go mbeadh bun comhchuingeach an aigéid aigéadach.
Go hachomair, is féidir é seo a léiriú mar an t-imoibriú ceimiceach seo a leanas:
- Aigéad + Bun ⇌ Bun comhchuingeach + Aigéad comhchuingeach
Chuir Johannes Nicolaus Brønsted agus Martin Lowry teoiric Brønsted-Lowry i láthair, a mhol gur aigéad é aon chomhdhúil atá in ann prótón a dheonú chuig aon chomhdhúil eile, agus gur bun é an chomhdhúil a ghlacann leis an bprótón. Is cáithnín núicléach é prótón a bhfuil aonad lucht leictreach dearfach aige; léirítear é leis an tsiombail H+ toisc gurb é atá ann núicléas adamh hidrigine,[2] is é sin, caitian hidrigine.
Is féidir le caitian a bheith ina aigéad comhchuingeach, agus is féidir le ainian a bheith ina bhun comhchuingeach, ag brath ar an tsubstaint atá i gceist agus ar theoiric aigéad–bunanna a bhíonn i gceist. Is é an t-ainian is simplí is féidir a bheith ina bhun comhchuingeach ná an leictreon tuasláite arb é a hidrigin adamhach an t-aigéad comhchuingeach.