Aerloingseoireacht
From Wikipedia, the free encyclopedia
An ealaín a ghabhann le stiúradh eitleán is ea aerloingseoireacht[1] nó an réimse eolais a chuireann síos ar eitleáin mar réada a chloíonn le dlíthe na fisice. Pléann sí leis an aerárthach féin agus a iompar faoi chúinsí éagsúla, ní lena fheidhmeanna trádálacha.
Bíonn dearadh struchtúr is neart an eitleáin i gceist, modhanna chun fórsa ardaithe a ghiniúint, na hinnill, córais leictreonacha chun an t-aerárthach a rialú, a dhíriú is a ionramháil, an feisteas tuirlingthe agus eile.
Tagann a thógáil is a choimeád san áireamh freisin, agus an loingseoireacht len é a dhíriú go sábháilte ó aerfort go haerfort faoi chúinsí éagsúla aimsire.[2]