![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/6c/Abbey_Theatre_exterior.jpg/640px-Abbey_Theatre_exterior.jpg&w=640&q=50)
AerachAiteachGaelach
comharghrúpa ealaíon aiteach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Comharghrúpa ealaíon Gaeilge is ea AerachAiteachGaelach (AAG[1]) agus breis agus 120 ealaíontóir aiteach ann,[2] idir scríbhneoirí, cheoltóirí, dhrámadóirí, ghrianghrafadóirí, thaibheoirí draig agus ealaíontóirí físe agus fuaime.[3] Chuir na filí Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an grúpa ar bun ag tús 2020 in Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath[4] agus is iad an bheirt chéanna atá ag comhstiúradh an ghrúpa faoi láthair.[5]
Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comharghrúpa ealaíontóirí ![]() |
Réimse oibre | ealaín aiteach, Ealaín LADTAIÉ+, an Ghaeilge, drámaíocht, filíocht, Drag, ceabairé, ceol, gearrscannán, Scannánaíocht i nGaeilge agus coiméide ![]() |
Suíomh gréasáin | aerachaiteachgaelach.net ![]() |
Dún
![Radharc oíche ar aghaidh fhoirgnimh dhá sraith le doras mór gloine ag oscailt amach ar an sráid. Tá daoine ina suí thuas staighre agus ag seasamh thart thíos staighre ag fanacht ar dhráma.](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/6c/Abbey_Theatre_exterior.jpg/640px-Abbey_Theatre_exterior.jpg)
Eagraíonn an grúpa ceardlanna idirghníomhacha le scríbhneoirí éagsúla.[6] Fuair siad maoiniú ó Fhoras na Gaeilge trí Scéim na Litríochta. Is é Stiofán Ó Briain Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.[5]