![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/14/Wuestenkohlrabi.jpg/640px-Wuestenkohlrabi.jpg&w=640&q=50)
Adenia
From Wikipedia, the free encyclopedia
Géineas plandaí bláthanna san fhine Passifloreaceae (lusanna na páise) is ea Adenia. Faightear iad i dtrópaicí agus i bhfothrópaicí an tSean-Domhain.[1] Is iad Madagascar, oirthear agus iarthar na hAfraice trópaicí, agus Oirdheisceart na hÁise lárionaid na héagsúlachta.[2] Tagann ainm an ghéinis ó “aden”,[3] ainm an phlanda san Araibis de réir Peter Forsskål, údar an ghéinis.[4]
![]() Adenia pechuelii ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Malpighiales |
Fine | Passifloraceae |
Géineas | Adenia ![]() Forssk. |
Is plandaí ilbhliantúla iad na speicis in Adenia, ach tá go leor foirmeacha éagsúla ann, luibheanna, féithleoga, toir, agus crainn san áireamh.[5] Is plandaí súmhara go leor acu, agus is “pacacóil” cuid eile — plandaí a bhfuil stoc an-tiubh acu i gcomparáid lena n-airde agus gan mórán craobhacha. Tá fréamhraí snáithíneacha ag cuid de na speicis, agus tháirgeann roinnt eile tiúbair.[5] Faightear speicis Adenia i ngnáthóga éagsúla, ó ghaineamhlaigh thirime na hAfraice go foraoisí báistí in Oirdheisceart na hÁise.[5] Tá thart ar 100 speiceas sa ghéineas.[6]