From Wikipedia, the free encyclopedia
Cathair in Texas, SAM is ea Abilene agus í suite i gContaetha Taylor agus Jones, i lár thiar an stáit. Príomhbhaile riaracháin Chontae Taylor atá inti. Sa bhliain 2010 bhí 117,063 duine ina gcónaí sa chathair.
Abilene, Texas | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Abilene, Kansas | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Texas | ||||
County of Texas (en) | Contae Jones, Texas | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 125,182 (2020) | ||||
• Dlús | 431.18 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 43,607 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) | Abilene metropolitan area (en) | ||||
Achar dromchla | 290.32185 km² | ||||
• Uisce | 4.8246 % | ||||
Airde | 524 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1881 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Mayor of Abilene, Texas (en) | Weldon Hurt (2023–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 79601–79608 agus 79697–79699 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 325 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | abilenetx.com |
Bunaíodh Abilene sa bhliain 1881, agus sa bhliain 1883 rinneadh príomhbhaile Chontae Taylor di. Tá Abilene ainmnithe as Abilene, Kansas.
Áiríodh Abilene mar an tríú cathair is coimeádaí sna Stáit Aontaithe, i ndiaidh Provo, Utah, agus Lubbock, Texas, i suirbhé a rinneadh sa bhliain 2010.[1]
Daoine geala iad 75.5% de dhaonra na cathrach, agus 24.5% den daonra de chúlra Spáinneach. Bundúchasaigh Mheiriceánacha iad 0.7% den daonra, Áisigh 1.7%, agus daoine gorma 9.8%.
Tá seacht scoil tríú leibhéil ar an gcathair. Is í Ollscoil Chríostaí Abilene an scoil is mó díobh agus 4,371 fochéimí ag freastail ar ranganna inti.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.