AGM-114 Hellfire
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is diúracán aer go talamh [1] é an AGM-114 Hellfire, a forbraíodh den chéad uair le haghaidh úsáid fhritharmúir, ach forbraíodh samhlacha níos déanaí le haghaidh bheachtbuillí drón i gcoinne cineálacha targaidí eile, agus baineadh úsáid astu i roinnt gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo “ targaidí ardluacha a scrios”.[2] Forbraíodh é ar dtús faoin ainm Heliborne laser, fire-and-forget missile, rud a d'fhág gur tháinig an t-ainm "Hellfire" sa ghnáthchaint mar ainm foirmiúil an diúracáin ar deireadh thiar.[3] Tá cumas ilmhisean, il-targaid aige agus is féidir é a sheoladh ó ardáin iomadúla aeir, farraige agus talún, lena n-áirítear an drón 'Predator'.[4]