![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/94/Apus_constellation_map.png/640px-Apus_constellation_map.png&w=640&q=50)
Éan Parthais (réaltbhuíon)
réaltbhuíon / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réaltbhuíon dhoiléir dheisceartach is ea Éan Parthais nach raibh infheicthe ag na Sean-Ghréagaigh; tá sé ar cheann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.
- Le haghaidh an ghéinis éan, féach Éan Parthais (géineas)
Fíricí Gasta Ainm Laidine (IAU), Nod ...
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Apus |
---|---|
Nod | Aps |
Ginideach Laidine | Apodis |
Siombalaíocht | Éan parthais |
Dronairde | 16 h |
Diallas | −75° |
Achar | 206 céim cearnach Céim 67ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Aps (méid 3.83) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +5° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Iúil an infheictheacht is fearr |
Dún
Apus an t-ainm Laidine a thugtar ar an realtbhuíon seo, focal a thagann ón nGréigis απους, a chiallaíonn "gan chosa". Is é an fhine éan Paradisaeidae atá i gceist, fine a chuimsíonn níos mó ná daichead speiceas éan.