Ár Lá Cuimhneacháin (1987)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar an 8 Samhain 1987, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann (Contae Fhear Manach), nó Ár Lá Cuimhneacháin, 1987.[1][2] Bhásaigh duine eile a gortaíodh san ionsaí buamála sa bhliain 2000 tar éis dó trí bliana déag a chaitheamh i gcóma.
Fíricí Gasta Cineál, Dáta na bliana ...
| ||||
Cineál | ionsaí buamála | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 8 Samhain 1987 | |||
Suíomh | Inis Ceithleann, Northern Ireland | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 12 | |||
Líon gortaithe | 63 | |||
Dún
Ar an gcéad Domhnach i mí na Samhna 1987, bhailigh daoine le chéile in Inis Ceithleann chun cuimhneamh orthu siúd a maraíodh i gcogaí san am a chuaigh thart.[3][4]
Agus daoine ag bailiú le chéile ag leacht cuimhneacháin na gcogaí, phléasc buama agus caitheadh bruscarnach ar fud na háite.
Bhí Gordon Wilson agus a iníon, Marie, ábhar altra a bhí 20 bliana d’aois, clúdaithe cúpla troigh thíos faoin mbrablach. Feachtasóir ar son na síochána a bhí in Gordon Wilson níos déanaí.