Tre war Venydh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sráidbhaile agus paróiste sibhialta ar an gcósta i gCorn na Breataine, Iardheisceart Shasana is ea Tre war Venydh (Béarla: Tintagel nó Trevena) [1] "Trevena" an t-ainm a bhí ar an sráidbhaile go dtí gur thosaigh Oifig an Phoist ag úsáid "Tintagel" sa 19ú haois. Go dtí sin, bhí "Tintagel" teoranta d'ainm an chinn tíre agus an pharóiste.
Fíricí Gasta Suíomh, Tíreolaíocht ...
Tre war Venydh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Sasana | |||
Réigiún Shasana | Iardheisceart Shasana | |||
Contae stairiúil i Sasana | Corn na Breataine | |||
Limistéar údaráis aonadaigh i Sasana | Corn na Breataine | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 19.73 km² | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | PL34 | |||
Glaochód | 01840 | |||
Eile | ||||
Suíomh gréasáin | tintagelweb.co.uk |
Dún
Ag Daonáireamh 2011 bhí daonra 1,782 sa pharóiste sibhialta.[2]
Tá sean-chaisleán ann, atá nasctha le finscéal an Rí Artúr ó roimh an 12ú haois.[3] Is é an foirgneamh is suimiúla sa sráidbhaile ná sean-oifig an phoist, a tógadh sa 14ú haois, agus atá faoi úinéireacht an Iontaobhais Náisiúnta anois .