Síneolaíocht
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is síneolaíocht ann ná an léann acadúil ar an tSín, go príomha tríd an tSínis, an litríocht, an chultúr agus stair na Síne, agus is minic a thagraíonn an téarma do scoláireacht an Iarthir. Is féidir é a rianú siar, áfach, go dtí an tréimhse ina raibh scoláirí na Síne ag scrúdú a gcuid sibhialtachta féin.[1]
Cheapadh, go stairiúil, go raibh réimse na síneolaíochta comhionann le feidhm a bhaint as an fhileolaíocht ar mhaithe le staidéar a dhéanamh ar an tSín, agus go dtí an 20ú haois bhí measadh go ginearálta gur chiallaigh an tSíneolaíocht "fileolaíocht na Sínise" (teanga agus litríocht). Sa lá atá inniu ann, leathnaíodh amach brí an téarma 'síneolaíocht' lena chur san áireamh stair na Síne, eipeagrafaíocht, agus ábhair eile.