An Pheirsis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Pheirsis an ceann is tábhachtaí de na teangacha Iaránacha, a bhaineann leis an gcrann ginealais Ind-Eorpach. Teanga oifigiúil is ea an Pheirsis san Iaráin, áit a dtugtar fársí uirthi, agus san Afganastáin, áit a dtugtar darí uirthi. I dtréimhse na hImpireachta Mogalaí, bhí an Pheirsis ina teanga oifigiúil san India féin, agus fanann cuid mhaith daoine á foghlaim mar theanga iasachta san India agus sa Phacastáin sa lá atá inniu ann. Tá teangacha nua-aimseartha na dtíortha seo breac le hiasachtaí Peirsise freisin.
فارسی | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha, teanga bheo, macraitheanga, speisialtacht, réimse staidéir, contanam canúintí, teanga, fine teangacha agus grúpa canúintí |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 45,000,000 (2007) |
Dúchasach do | Greater Iran (en) |
Stáit | an Iaráin, Bairéin, Cuáit, an Afganastáin, an Phacastáin, an Táidsíceastáin, an Úisbéiceastáin, an Rúis, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Iaráic |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ind-Iaránacha teangacha Iaránacha teangacha Iaránacha Iartharacha teangacha Iaránacha iardheisceartacha New Persian (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Peirsise agus script Araibise |
Institiúid caighdeánaithe | Academy of Persian Language and Literature (en) , Academy of Sciences of Afghanistan (en) agus Rudaki Institute of Language and Literature (en) |
Staidéar ag | Persian studies (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Stair | history of Persian language (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | fa |
ISO 639-2 | per |
ISO 639-3 | fas |
Glottolog | fars1254 |
Ethnologue | fas |
ASCL | 4106 |
IETF | fa |
Inniu, tá an Pheirsis ó dhúchas ag 61 mhilliún duine, agus oiread eile in ann í a labhairt mar theanga choimhthíoch. Cé gurb í an Phaistis an teanga náisiúnta san Afganastáin, is í an Pheirsis is mó a labhraítear ansin mar fhrancbhéarla i gcumarsáid idir na treibheacha éagsúla, agus tá an Pheirsis níos tábhachtaí mar theanga liteartha agus chultúrtha, ós rud é nach bhfuil mórán saothrú ná caighdeánú déanta ar an bPaistis.