Nascadh ianach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa cheimic, tagraíonn an téarma nascadh don imoibriú idir adaimh as a ngintear móilíní, is é idir-oibriú na leictreon sna fithisi is seachtraí is cúis leis.[1][2] Is cineál nasctha cheimicigh é nascadh ianach ina mbíonn aomadh leictreastatach, idir iain atá luchtaithe go urchomhaireach, nó idir dhá adamh le leictridhiúltachtaí an-difriúil, ag baint leis.[3] Is é an príomhghníomhaíocht a tharlaíonn i gcomhdhúile ianacha. Tá sé ar cheann de na príomhchineálacha nasctha mar aon le nascadh comhfhiúsach agus nascadh miotalach. Is adaimh (nó grúpaí adamh) iad iain le lucht leictreastatach. Déanann adaimh a ghnóthaíonn leictreoin iain luchtaithe go diúltach (ar a dtugtar ainiain). Déanann adaimh a chailleann leictreoin iain luchtaithe go dearfach (ar a dtugtar caitiain). Tugtar leictrifhiús ar an aistriú leictreon seo i gcodarsnacht leis an gcomhfhiúsacht. Sa chás is simplí, is adamh miotail é an caitiain agus is adamh neamh-mhiotal é an t-ainian, ach is féidir na hiain seo a bheith de chineál níos casta, m.sh. iain mhóilíneach cosúil NH4+ nó SO2-4. I bhfocail níos simplí, bíonn naisc ianach mar thoradh ar aistriú leictreon ó mhiotal go neamh-mhiotal d’fhonn fiús-sceall don dá adamh a fháil. Tá sé tábhachtach a aithint nach féidir nascáil ghlan ianach - ina n-aistríonn adamh nó móilín amháin leictreon go ceann eile - tá nascáil chomhfhiúsach nó comhroinnt leictreon ag gach comhdhúil ianach. Dá bhrí sin, tugtar an téarma “nascáil ianach” nuair is mó an carachtar ianach ná an carachtar comhfhiúsach - is é sin, banna ina bhfuil difríocht mhór leictridhiúltachta idir an dá adamh, rud a fhágann go bhfuil an nascáil níos polacha (ianach) ná mar atá sé nascáil chomhfhiúsach nuair a roinntear leictreoin níos cothroime. Tugtar bannaí comhfhiúsacha polacha ar bhannaí a bhfuil carachtar páirteach ianach agus páirteach comhfhiúsach acu.
Seolann comhdhúile ianacha leictreachas nuair a bhíonn siad leáite nó i dtuaslagán, ní gnách nuair a bhíonn siad soladach. De ghnáth bíonn leáphointe ard ag comhdhúile ianacha, ag brath ar lucht na n-ian atá iontu. Dá airde an luchta is láidre na fórsaí comhtháite agus is airde an leáphointe. Is gnách go mbíonn siad intuaslagtha in uisce; dá láidre na fórsaí comhtháite, is ísle an intuaslagthacht.[4]