Maryland
From Wikipedia, the free encyclopedia
Stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Maryland (AIF: [ˈmæɹ.ɪ.lənd]) atá suite i lár chósta thoir na tíre, i Réigiún an Lár-Atlantaigh. Tá teorainneacha ag Maryland le Pennsylvania ar an taobh ó thuaidh, le Virginia Thiar ar an taobh thiar, le Delaware agus leis an Aigéan Atlantach ar an taobh thoir agus le Virginia ar an taobh ó dheas. Tá teorainn aige freisin leis an gceantar feidearálach Washington, D.C. arb í príomhchathair na tíre í. Ba le Maryland an talamh sin go stairiúil. Ba é Maryland an seachtú stát a dhaingnigh Bunreacht Mheiriceá. Uaireanta, tugtar mar leasainmneacha air The Old Line State agus The Free State.
Maryland | |||||
---|---|---|---|---|---|
State of Maryland (en) | |||||
|
|||||
Aintiún | luach ar iarraidh (2021) | ||||
Mana | «Strong deeds, gentle words» | ||||
Siombail oifigiúil | Óiréal tuaisceartach agus Quercus alba | ||||
Leasainm | Old Line State | ||||
Ainmnithe in ómós | Henrietta Maria na Fraince | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Príomhchathair | Annapolis | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 6,177,224 (2020) | ||||
• Dlús | 192.25 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 2,205,204 (2019) | ||||
Teanga oifigiúil | luach ar iarraidh | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Stáit Aontaithe comhtheagmhálacha South Atlantic states (en) Réigiún an Lár-Atlantaigh | ||||
Achar dromchla | 32,131 km² | ||||
• Uisce | 21.8 % | ||||
Imeallbhord | 3,190 mi | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Chesapeake Bay (en) , Potomac, Abhainn Susquehanna, Abhainn Patuxent, Abhainn Anacostia agus An tAigéan Atlantach | ||||
Airde | 105 m-350 ft | ||||
Pointe is airde | Hoye-Crest (en) (3,360 ft) | ||||
Pointe is ísle | An tAigéan Atlantach (0 ft) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Province of Maryland (en) | ||||
Cruthú | 28 Aibreán 1788 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Maryland | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Ginearálta Maryland | ||||
• Gobharnóir Maryland | Wes Moore (2023–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Achomhairc Maryland | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 301, 410, 240, 443 agus 667 | ||||
Cód ISO 3166-2 | US-MD | ||||
ID GNIS | 1714934 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | maryland.gov |
Ba é Maryland an chéad áit i Meiriceá ina raibh an tsaoirse reiligiúnach[1][2][3], prionsabal a tugadh isteach i dtréimhse choilíneach an stáit. Shocraigh George Calvert[2][3], an chéad Tiarna Baltimore, go mbeadh Maryland ina thearmann do Chaitlicigh Shasanacha a bhí faoi ghéarleanúint.
Is é Maryland ceann de na stáit is lú achar agus is dlúithe daonra sna Stáit Aontaithe. Is í Annapolis príomhchathair an stáit ach is í Baltimore an chathair is mó. Cé go maítear go hoifigiúil gur ainmníodh an stát in ómós don Bhanríon Henrietta Maria[4], creideann go leor staraithe gur in ómós do Mhuire, máthair Íosa, a d'ainmnigh George Calvert i ndáiríre é sular bhásaigh sé in 1632.[5] Is é Maryland an stát is rachmasaí sa tír, óir is ann atá an meánioncam teaghlaigh is airde.[6]