Juho Kusti Paasikivi
seachtú uachtarán na Fionlainne (1946–1956) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba é Juho Kusti Paasikivi, a rugadh ar an 27ú Samhain 1870 agus a fuair bás ar an 14 Nollaig 1956, seachtú hUachtarán na Fionlainne (1946-1956). Bhí sé ina pholaiteoir de chuid an Suomalainen puolue (An Páirtí Fionlannach) agus an Kansallinen Kokoomus (páirtí coimeádach na Fionlainne). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an bhFionlainn faoi dhó: an chéad uair sa bhliain 1918 agus an dara huair sna blianta 1944-46).[1] Thairis sin, bhí poist oifigiúla eile ag Paasikivi, agus tionchar aige ar eacnamaíocht agus polaitíocht na Fionlainne ar feadh breis agus caoga bliain.
Cuimhnítear ar Paasikivi mar phríomh-ailtire ar bheartas eachtrach na Fionlainne tar éis an Dara Cogadh Domhanda; [2]; mar shampla, rinne Cumann Paasikivi (Fionlainnis:Paasikivi-seura), a bunaíodh i 1958 faoi cheannaireacht Jan-Magnus Jansson, iarracht oidhreacht pholaitiúil Paasikivi a chothú, go háirithe le linn an Chogaidh Fhuair, trí mhachnamh ar pholasaí eachtrach bunaithe ar an bhfírinne a chur chun cinn san Fhionlainn agus beartas neodrachta na Fionlainne a chur ar eolas go hidirnáisiúnta.[3]