Gustav Mahler
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cumadóir ceoil a rugadh in Kaliště na Seice (an Bhóihéim in impireacht na hOstaire ag an am) ab ea Gustav Mahler (7 Iúil 1860 – 18 Bealtaine 1911). Ina shaothar tá cuid mhaith amhrán, 9 siansa mórscála, agus siansa neamhchríochnaithe amháin. An t-amhrán is cáiliúla uaidh is ea Das Lied von der Erde (Amhrán an Domhain, 1908–1909).
(1907) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Iúil 1860 Kaliště (Impireacht na hOstaire) |
Bás | 18 Bealtaine 1911 50 bliana d'aois Vín (An Ostair-Ungáir) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionchairdíteas agus seipticéime) |
Áit adhlactha | Grinzing Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Na Giúdaigh |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Vín University of Music and Performing Arts Vienna (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Olomouc |
Gairm | stiúrthóir ceolfhoirne, cumadóir, cumadóir claisiceach |
Seánra | Ceol clasaiceach, siansa agus ceol aireagail |
Mac/iníon léinn | Anna von Mildenburg |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Alma Mahler (1902–1911) |
Páiste | Anna Mahler, Maria Anna Mahler |
Athair | Bernhard Mahler agus Marie Herrmann |
Suíomh gréasáin | gustav-mahler.org |
|
Nasc ab ea Mahler idir traidisiún Ostra-Ghearmánach an 19ú haois agus nua-aoiseachas an luath 20ú haois. Cé gur aithníodh a stádas mar stiúrthóir agus é beo fós, ní raibh tóir leanúnach ar a chuid saothar agus le linn an Dara Cogadh Domhanda cuireadh cosc air sna tíortha a bhí faoi smacht na Naitsíoch. I ndiaidh 1945 chuir glúin nua d'éisteoirí fáilte roimh a chuid ceoil, agus bhí sé ar na cumadóirí ba mhó a shaothar seinnte agus taifeadta. Fanann an stádas sin aige go dtí an lá atá inniu ann.
Rugadh isteach i dteaghlach Giúdach a raibh an Ghearmáinis acu. Ba léir a thallann cheoil agus é an-óg.[1]