Gothaíochas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá sa Gothaíochas ré ealaíne a fáisceadh as an Ard-Athbheochan Iodálach ó 1520 amach nó thart air sin. Mhair sé anuas go dtí timpeall 1580 san Iodáil, nuair a tháinig an stíl Bharócach ina áit, cé go raibh sé beo i dTuaisceart Eorpa anuas go dtí an 17ú haois. In Iodáilis tugtar manierismo air ó bella maniera (manièrisme i bhFraincis, Mannerism i mBéarla), ainm a thugann le tuiscint gurb iad sain-airíonna an ealaíontóra féin atá i gceist seachas aithris a dhéanamh ar an nádúr.[1]
Chloíodh ealaíontóirí na hArd-Athbheochana le barrshamhlacha comhchuí, ach bhí fonn ar an nGathaíochas iad seo a shárú.[2] Is cuid suntais é an Gothaíochas de bharr a chuid caolchúise intleachtúla agus a thréithe frithnádúrtha.[3] Is rogha leis an nGothaíochas neamhsheasmhacht agus teannas cumadóireachta seachas soiléire agus cothromaíocht ealaín na hAthbheochana.[4]
Tá sainmhíniú an Ghothaíochais agus na tréimhsí a bhaineann leis á bplé ag staraithe ealaíne go fóill. Mhol Vasari d’ealaíontóirí nua aird a thabhairt ar shaothar na mórealaíontóirí chun "bella maniera" a thabhairt leo.[5]. Tháinig míchlú ar an téarma sa 17ú agus san 18ú haois agus baint aige anois le stíl a chuaigh ar seachrán ón nádúr. Ach sa 19ú haois rinneadh athbhreithniú ar an scéal agus treise á cur anois ar áilleacht an Ghothaíochais, ar a chló nua-aoiseach agus ar é a bheith fuascailte ó na laincisí clasaiceacha.