Eiliosaibeit
From Wikipedia, the free encyclopedia
Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá,[1] ab ea Eiliosaibeit nó Eilís.[2] Ba chol ceathracha iad Muire agus Eiliosaibeit.[3] Ba dheirfiúracha iad Anna, máthair Mhuire, agus Seismeiria, máthair Eiliosaibeit.[4] Sa Bhíobla, lánúin aosta ba ea Eiliosaibeit agus Zacairiá, agus ní raibh clann ar bith acu; bhí siad ag 'feitheamh go foighneach go gcuirfí plean Dé' i gcrích.[5] Sagart sa Teampall ba ea Zacairiá. Lá amháin nuair a bhí túis á dhó ag Zacairiá ag an altóir, tháinig aingeal ina láthair. Seo an scéal:
"Mhair sagart darbh ainm Zacairiá agus a bhean Eiliosaibeit in aice Iarúsailéim, 400 bliain tar éis atógáil bhallaí na cathrach. Bhí siad pósta le blianta fada ach ní raibh aon chlann orthu. Lá amháin nuair a bhí Zacairiá ag ofráil túise i sanctóir an teampaill, tháinig an t-aingeal Gaibriéil ina láthair. .. dúirt Gaibriéil leis: ‘.. Beidh mac ag do bhean, Eiliosaibeit, agus tabharfar Eoin mar ainm air. .. In am tráth, rugadh buachaill beag d’Eiliosaibeit",[6]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 haois "RCh" Heabrón (Herodian Kingdom of Judea) |
Bás | 1 haois |
Ardú | |
Lá féile | 5 Samhain |
Teaghlach | |
Teaghlach | Árón agus Léivíteach |
Céile | Zachairias |
Páiste | Eoin Baiste, John the Baptist in Islam (en) |
Duine muinteartha | Muire (luach anaithnid) |
Croineolaíocht | |
An Chuairt | |
Mar sin, bhí mac ag Eiliosaibeit, Eoin Baiste.