Don Cheadle
aisteoir agus scannánóir Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is aisteoir agus scannánóir Meiriceánach é Donald Frank Cheadle Jr. (/ˈtʃiːdəl/; rugadh 29 Samhain 1964)[1]. Tá iliomad gradam faighte aige, lena n-áirítear dhá Ghradam Grammy, Gradam Tony, dhá Ghradam Golden Globe agus dhá Ghradam ón Screen Actors Guild; chomh maith leis sin, ainmníodh do Ghradam an Acadaimh é, agus 11 Ghradam Emmy freisin. Mar gheall ar a chuid ainmniúchán Emmy, Grammy, Oscar agus Tony (na gradaim “EGOT” mar a deirtear leo), tá sé ar cheann den bheagán daoine gorma a ainmníodh do na ceithre mhórghradam Mheiriceánacha seo.
Tar éis ról in Hamburger Hill (1987), agus páirt an drongadóra “Rocket” sa scannán Colors (1988), tharraing Cheadle cáil air féin sna 1990idí le rólanna in Devil in a Blue Dress (1995), Rebound: The Legend of Earl ‘The Goat’ Manigault (1996), Rosewood (1997), agus Boogie Nights (1997). D'éirigh na scannáin Out of Sight (1998), Traffic (2000), agus The Ocean's Trilogy (2001–2007) as a chomhoibriú leis an stiúrthóir Steven Soderbergh. Ainmníodh Cheadle do Ghradam an Acadaimh don Aisteoir is Fearr as an léiriú a rinne sé ar an mbainisteoir óstáin Ruandach Paul Rusesabagina sa dráma cumhachtach Hotel Rwanda (2004). Bhí sé ina chomhléiritheoir ar Crash, scannán a bhuaigh Gradam an Acadaimh don Scannán is Fearr in 2005. D'fhás a chlú ar fud an domhain lena ról mar James Rhodes/War Machine i gCruinne Chineamatach Marvel, ag tosú le Iron Man 2 (2010), ag dul in ionad Terrence Howard. Beidh an phríomhpháirt aige sa tsraith Armor Wars ar Disney+ mar chuid den saincheadúnas Marvel.
Is minic a bhíonn sé le feiceáil ar an teilifís freisin, i dtús báire le páirteanna in Night Court (1988), The Fresh Prince of Bel-Air (1990), Booker (1990) Picket Fences (1993–1995), The Bernie Mac Show (2002), agus ER (2002). Bhuaigh sé Gradam Golden Globe as a shaothar mar Marty Kaan in House of Lies (2012–2016), chomh maith le ceithre ainmniúchán do Ghradam Emmy. Ó 2019, tá an phríomhpháirt ag Cheadle sa tsraith Black Monday, agus ainmníodh do Ghradam Emmy faoi dhó é.
In 2016, bronnadh Gradam Grammy air den chéad uair, as an bhfuaimrian Miles Ahead. In 2022, bhuaigh sé Grammy den dara huair as an insint a rinne sé ar an leabhar fuaime Carry On: Reflections for a New Generation ó John Lewis; fuair sé Gradam Tony freisin don Cheoldráma is Fearr mar léiritheoir ar A Strange Loop.[2]