Carracci
From Wikipedia, the free encyclopedia
Clann péintéirí cáiliúla ó Bologna na hIodáile. Thuill Annibale Carracci (1560-1609) cáil ar leith, agus lena dheartháir Agostino (1557-1602), rinne an phéintéireacht ar an ngailearaí i bPalás Farnese sa Róimh. Le col ceathrar dóibh, Ludovico (1555-1619), bhunaigh siad acadamh tábhachtach péintéireachta i mBologna i 1582.[1]