}} Príomhchathair Réigiún Uigiúrach Féinrialathach Xinjiang is Ürümqi (Sínis shimplithe: 乌鲁木齐; Uigiúiris: Urumchi) agus é suite i lár an réigiúin, in iarthuaisceart Dhaon-Phoblacht na Síne. "Móinéar álainn" a chiallaíonn ürümqi i dteanga na nOirat. Ba mhórstad trádála ar Bhóthar an tSíoda é faoin Rítheaghlach Tang. D'fhás a chlú mar ionad cultúir agus trádála faoin Rítheaghlach Qing sna 18ú agus 19ú haoiseanna. Tháinig rath ar an gcathair arís sna 1990idí agus ar aghaidh mar ionad cultúir, iompair agus trádála in iarthuaisceart na Síne. Bhí cónaí ar 2,988,715 duine sa chathair sa bhliain 2010.
Ürümqi | |||||
---|---|---|---|---|---|
Үрүмчи (ug) 乌鲁木齐 (zh-cn) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Daon-Phoblacht na Síne | ||||
Autonomous region (en) | Xinjiang | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 3,112,559 (2010) | ||||
• Dlús | 225.82 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 13,783.1 km² | ||||
Airde | 800 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 830000 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 991 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | urumqi.gov.cn |
cn
Geografaíocht
Tá Ürümqi suite i gceartlár ha hÁise, agus sna 1990idí tógadh leac séadchomhartha ag 43°40′52″ thuaidh, 87°19′52″ thoir chun an spota a mharcáil sna fo-bhailte in iardheisceart na cathrach. Is é Ürümqi an mhórchathair is faide ón bhfarraige ar Domhan. Aeráid bhreacthur a bhíonn ann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.