amhránaí agus ban-aisteoir Meiriceánach (1963–2012) From Wikipedia, the free encyclopedia
B'amhránaí popcheoil í Whitney Elizabeth Houston (9 Lúnasa 1963, Newark, New Jersey, Stáit Aontaithe Mheiriceá - 11 Feabhra 2012, Beverly Hills, California). Bhí clú is cáil ar a guth láidir.[1]
Is é "I Will Always Love" ceann de na hamhráin is rathúla a bhí ag Whitney, a bhí sa scannán The Bodyguard (1992).
Phós sí Bobby Brown ar an 18 Iúil 1992. Bliain ina dhiaidh sin, tháinig a hiníon, Bobbi Kristina Houston Brown, ar an saol. Fuair Whitney agus Bobby colscaradh sa bhliain 2006.
D'éag Houston ar an 11 Feabhra 2012, in aois 50 di. Thóg sí ródháileog drugaí (cócaon) agus thángthas ar a corp i dtobán folctha sa Beverly Hilton.[2] Ghnóthaigh Houston saibhreas as cuimse, agus bhí "saol an liomó bháin" aici mar a déarfá. Ach fós féin bhí sí chomh tugtha sin do na drugaí go raibh uirthi cuairt a thabhairt ar na ceantair ba shuaraí agus ba bhoichte chun a handúil a shásamh.[3] Gabhadh í fiú sa bhliain 2000 agus le linn na 2000idí, chaill sí guaim agus tharraing sí fiacha troma uirthi féin.
Sa bhliain 2015, fuair a leanbh aonair anbhás ar an gcaoi chéanna ; thóg Bobbi Kristina Brown ródháileog drugaí agus thángthas uirthi i dtobán folctha ina bhaile féin.[4] Fuair sí bás roimh am, 22 bliain d'aois, ar 26 Iúil 2015
Faoin am a raibh cáil dhomhanda bainte amach ag Houston mar amhránaí bhí tromlach dá comhghormaigh ann nach dtrasnódh an bóthar chun ceolchoirm léi a fheiceáil.[3]
Cuireadh i leith Houston gur thug sí droim láimhe lena muintir féin. Ní raibh an ceol a chan sí 'gorm' go leor, dar leo. Mar sin níor thuill sí meas an phobail ghoirm sna Stáit Aontaithe. Fiú agus í ag tosú ar bhóthar an cheoil, bhíodh na djanna, go háirithe na gormaigh, ag fonóid fúithi.
Rinneadar mugadh magadh di agus de réir mar a chuaigh sí in airde réime is ea is mó a chuir siad ina leith go raibh sí tar éis a hanam a dhíol, an dubh a chur ina gheal uirthi féin, nach eiseamláir do ghormaigh óga in aon chor a bhí inti, go raibh a fréamhacha stoite aici, agus a pobal féin á thréigean aici.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.