From Wikipedia, the free encyclopedia
Séard is víreas ríomhaireachta (computer virus i mBéarla) ann ná ríomhchlár beag a ghreamaíonn é féin le comhad ríomhaireachta agus a dhéanann iarracht é féin a scaipeadh nuair a osclaítear an comhad sin. Go minic, ní dhéanann víreas aon dochar don chóras - b’fhéidir go dtagann teachtaireachtaí aisteacha amach ar an scáileán anois is arís nó go seinneann sé tiúin ó am go ham - ach tá roinnt víris mhailíseacha ann - scriosann siad comhaid agus déanann siad neart damáiste eile.
Ba cheart go mbeadh bogearraí áirge ar a dtugtar bogearraí frithvíris i bhfeidhm ar gach ríomhaire sa lá atá inniu ann. Tá bogearraí ar nós AVG, Mcafee agus Norton Anti-Virus ar fáil leis seo a bhaint amach. Tagann na céadta víreas ar aon saol gach mí. Dá bharr seo, tá sé fíorthábhachtach go gcoinnítear an bogearra frithvíris suas chun dáta. Cuireann na comhlachtaí comhaid nuashonruithe amach go rialta, saor in aisce, do dhaoine atá an bunchlár acu. Is féidir na comhaid seo a tharraingt anuas ón idirlíon go rialta agus a chur i bhfeidhm ar an gcóras go héasca.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.