From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is uiscephonaic (ón Sean-Ghréigis: πονος' (ponos), "obair" nó "iarracht") agus ὕδωρ (hudōr),"uisce") ann ná córas dobharshaothraithe nó táirgthe bia ina chomhcheanglaítear dobharshaothraithe traidisiúnta (ainmhithe saothraithe in umar uisce, mar shampla seilidí, éisc, piardóga nó cloicheáin) le hidreaponaic (plandaí saothraithe in uisce) i dtimpeallacht shiombóiseach. Sa ghnáth dobharshaothrú, is féidir go gcarntar fuíollsubstaintí ó na hainmhithe san uisce, agus go méadaítear an tocsaineacht. Sa chóras uiscephonaice, seoltar uisce ó chóras dobharshaothraithe go dtí córas hidreaphonaice, áit ina mbriseann baictéir fosaithe nítrigine síos na seachtháirgí go níotráití agus nítrítí, agus úsáideann na plandaí na nítrítí mar chothaithigh. Athchúrsáiltear an t-uisce ansin ar ais go dtí an córas dobharshaothraithe.
Tá córais uilig na huiscephonaice na linne seo, bunaithe ar theicnící reatha na feirmeoireachta hidreaponaigh agus dobharshaothraithe, agus is féidir leis an méid, castacht, agus cineálacha bianna a fhástar i gcóras uiscephonaicach a athrú, an oiread agus aon chóras eile a bhíonn ar fáil i gceachtar disciplín feirmeoireachta ar leith.
Tá fréamhacha ársa ag an uiscephonaic, cé go bhfuil roinnt díospóireachta faoin a bunús:
Bíonn an uiscephonaic comhdhéanta de dhá phríomhpháirt; cuid na dobharshaothraithe le haghaidh ainmhithe uiscí agus cuid na huiscephonaice le haghaidh phlandaí a fhás. Carnann eisiltigh uisceacha, a eascraíonn as béilí neamhite nó as ainmhithe ar nós iasc a shaothrú, in uisce mar gheall ar an chóras-dúnta a athfhilleann formhór na gcóras dobharshaothraithe. I dtiúchan ard, éiríonn an t-uisce eisilteach-saibhir rud gur féidir leis a bheith tocsaineach don ainmhí uisceach. Bíonn na heisilteach seo ina chothaithigh riachtanacha le haghaidh fás na bplandaí. Cé go bhfuil sé comhdhéanta go príomha de dhá chuid, bíonn na córais uiscephonice roinnte i go leor comhpháirteanna nó fochóras, a bhíonn freagrach as; dramhaíl sholadach a bhaint amach, neodrúcháin aigéid le boinn, nó le haghaidh ocsaiginithe uisce a chothabháil. I measc na comhpháirteanna tipiciúla bíonn;
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.