ollscoil suite i mBaile Átha Cliath From Wikipedia, the free encyclopedia
Ollscoil Éireannach is ea An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath nó COBÁC (Béarla: University College Dublin (UCD)), (nó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar a ghlaoitear uirthi go minic), (University College Dublin - National University of Ireland, Dublin tráth), atá suite i mBelfield i ndeisceart na príomhchathrach, Baile Átha Cliath. Is an ollscoil is mó in Éirinn í le breis agus 20,000 mac léinn cláraithe inti. Is comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann í.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ollscoil phoiblí ollscoil taighde | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1854 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Digital Preservation Coalition (en) ORCID Cumann Eorpach na nOllscoileanna An Chomhghuaillíocht um Chur Chun Cinn an Mheasúnaithe Taighde | ||||
Líon scoláirí | 33,321 (2021) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Máthaireagraíocht | Ollscoil na hÉireann | ||||
Suíomh gréasáin | ucd.ie | ||||
B'í an chéad ollscoil Chaitliceach in Éirinn í. Tagann an ollscoil ó bhforas, The Catholic University of Ireland, a raibh lámh ag John Henry Newman ina bunú agus is é a bhí mar an chéad reachtaire uirthi sa bhliain 1854. Rinneadh athmhúnlú air sa bhliain 1880 agus a fuair a cairt féin faoi 1908.
Ainmníodh foirgneamh sa Choláiste i gcuimhne ar Gerard Manley Hopkins sa bhliain 2011, tar éis a thréimhse ann mar Ollamh Gréigise.
Bhronn Peter Sutherland €4 mhilliún de dheontas ar an gColáiste Ollscoile, le scoil dlí nua a thógáil in áit an tseanchinn, Caisleán Ruabhoic. Scoil Dlí COBÁC Peter Sutherland a thugtar ar an scoil.
Tá cúrsaí ollscoile a bhaineann le heolaíochtaí an duine lonnaithe in Ionad na nEolaíochtaí Sláinte (Foirgneamh na n-Eolaíochtaí Sláinte chomh maith) ar champas Belfield. B'é scoil an leighis agus na hinnealtóireachta an dá dháimh dheirneacha a bhog amach ó Ardán Phort an Iarla go Belfield.
Tá Scoil an Leighis nasctha le hOspidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus é mar phríomhospidéal oiliúna acu.
Is é an Cumann Liteartha agus Stairiúil an cumann díospóireachta is mó ar an gColáiste agus ceann de na cinn is mó, is sine agus is aitheanta sa tír ar fad chomh maith. Cuireann an cumann díospóireachtaí agus comórtais rialta ar siúl.
Is cumann mór mac léinn é an Cumann Gaelach a eagraíonn réimse leathan imeachtaí gach bliain. Le tamall de bhlianta anuas bhí os cionn 1,000 ball ag an gCumann. Sa bhliain 2011 bhí os cionn 2,000 ball acu.
Tá dhá phríomhnuachtán mac léinn sa choláiste. Is nuachtán mórbhileoige é an University Observer a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtán tablóide é an College Tribune a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.
Is stáisiún raidió mac léinn é Belfield FM a chraolann as An Coláiste Ollscoile, ar líne agus ar FM ar feadh tréimhsí áirithe gach bliain.
Is iomaí spórt a imrítear ar champas agus is ann do mhórán áiseanna éagsúla cé nach bhfuil raon reatha ag an gColáiste a thuilleadh. Osclaíodh ionad úr spóirt sa bhliain 2012 a bhfuil linn snámha, giomnáisiam agus áiseanna eile mac léinn ann.
Is ann a imríonn Cumann Peile Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.