géineas éan From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éan mór sa ghéineas Meleagris é an turcaí, cosúil le piasún, dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus Láir. Tá turcaithe i measc na n-éan is mó ina raon.[1]
Meleagris | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | feoil turcaí |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Galliformes |
Fine | Phasianidae |
Fofhine | Meleagridinae |
Géineas | Meleagris L., 1758 |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Peiriú |
Tá dhá speiceas turcaí ann:
Tháinig na turcaithe is luaithe chun cinn i Meiriceá Thuaidh breis is 20 milliún bliain ó shin. Roinneann siad sinsear coitianta le cearca fraoigh, le piasúin, agus le héanlaith eile. Is é an turcaí fiáin sinsear an turcaí clóis, a ceansaíodh timpeall is 2,000 bliain ó shin, b'fhéidir.
Anois bíonn an turcaí an-choitianta mar éanlaith clóis, i gcomhair na Nollag go háirithe.
Tá sicíní agus turcaithe cosúil lena chéile maidir le dhá phríomhthréith. Tá cosa ar a dtugtar crúibíní ag an dá cheann acu. Tá na crúibíní seo an-láidir agus úsáideann siad iad chun tochailt sa chré chun bia a fháil. Ina theannta sin tá goba géara ag an dá cheann acu chun bheith ag gobadh ar fheitheidí agus ar ghráinní.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.