Bhí Tibir[1] nó Tiberius Caesar Augustus (16 Samhain 42 RC – 16 Márta AD 37) ina Impire Rómhánach ó 14 AD go dtí 37 AD. Tháinig Tibir i gcomharbacht ar Ágastas (leanbh uchtaithe de chuid Ágastais ab ea Tibir).
- Baineann an t-alt seo leis an impire Rómhánach; má tá suim agat san abhainn, féach An Tibir.
Bhí sé 55 bliain d'aois cheana féin nuair a d'éirigh sé ina impire, Rinne sé braiteoireacht nuair a iarradh air a bheith ina princeps.[2] Bhí sé an-éifeachtach mar riarthóir, ach neamhpháirteach agus é ag dul anonn in aois.
Bhí sé i réim ó 14 AD go 37 AD, 22 bliain. agus fuair sé aois mhór, in aois 78 bliain dó nuair a bhásaigh sé. Tháinig Caligula i gcomharbas air ina impire.
Ba 'gens Claudia' é ó dhúchas, ba é Tiberius Claudius Nero[3] a athair agus ba í Livia Drusilla a mháthair. Cholscar a mháthair ó a athair agus pósadh arís í le hÁgastas sa bhliain 39AD, a d'fhág Tibir ina leasmhac d'Octáivian.
Bheadh Tibir pósta níos déanaí ar aghaidh le hiníon Ágastas 'Iulia Maior' (ó a phósadh le Scribonia) agus níos déanaí fós bhí sé uchtaithe ag Ágastas, agus de réir an ghnímh seo, rinneadh 'gens Julia' go hoifigiúil de, ag iompar an ainm Tiberius Julius Caesar.
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.