From Wikipedia, the free encyclopedia
Is seó cainte é The Late Late Show a chraoltar ar an gcainéal RTÉ a hAon gach Aoine ó Mheán Fómhair go dtí Bealtaine ag 21:30.[1] "Is cuid de dhlúth agus d’inneach na tíre é an Late Late, meascán mearaí den trom agus éadrom."[2]
Láithreoir(í) | Patrick Kielty, Gay Byrne, Frank Hall agus Ryan Tubridy |
---|---|
Tír | Éire |
Bealach teilifíse | RTÉ a hAon |
Líon séasúr | 54 |
Tuilleadh eolais | |
Suíomh oifigiúil | rte.ie… |
Tá meas mór ar an Late Late in Éirinn sa lá atá inniu ann. 'Sé an seó comhrá is fadmharthanaí ar domhan inniu.
Craoladh an Late Late Show don chéad uair riamh ar 6 Iúil 1962, le Gay Byrne mar fhear an tí.[3] Ag an am sin, bhí sé ar siúl gach Satharn. Clár conspóideach a bhí ann sna luath-laethanta agus Gay Byrne mar láithreoir. D’éirigh le "GayBo" an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile. Ba chlár é a gcaití féachaint air óir gur rímhinic a d’eascair allagar na seachtaine as. Ba mhinic breis agus milliún daoine ag féachaint ar gclár.
D’éirigh le láithreoir nua, Ryan Tubridy, in 2009 breis agus 1.6 milliún duine a mhealladh. Ach sa bhliain 2023, ní raibh uaireanta ach 400,000 duine ag féachaint ar an gclár agus d'éirigh sé as a phost.[2]
Ceapadh Patrick Kielty mar láithreoir agus chuir sé tús le séasúr nua ar 15 Meán Fómhair 2023.[4][5]
Láithreoir | Ó | Go | ||
---|---|---|---|---|
Dáta | Aois | Dáta | Aois | |
Gay Byrne | 6 Iúil 1962 | 27 | 30 Bealtaine 1964 | 29 |
Frank Hall | 19 Meán Fómhair 1964 | 43 | 19 Nollaig 1964 | 43 |
Gay Byrne | 2 Eanáir 1965 | 30 | 21 Bealtaine 1999 | 64 |
Pat Kenny | 10 Meán Fómhair 1999 | 51 | 29 Bealtaine 2009 | 61 |
Ryan Tubridy | 4 Meán Fómhair 2009 | 36 | Bealtaine 2023 | 49 |
Patrick Kielty | 15 Meán Fómhair 2023 | 52 |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.