From Wikipedia, the free encyclopedia
Is páipéar nuachta é The Irish News atá bunaithe i mBéal Feirste. Tá léargas náisiúnach measartha ag an páipéar. Tá príomh-fhócas aige ar nuacht in Uladh ach tá sé ar fáil i bhformhór na hÉireann.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Am tosaigh | 1891 |
Bunaitheoir(í) | Patrick MacAlister |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | dlúth |
Suíomh | irishnews.com |
Is é The Irish News an t-aon nuachtán laethúil atá bunaithe i dTuaisceart Éireann atá faoi úinéireacht neamhspleách. Ba é sin cás an nuachtáin ó bunaíodh é ar an 15 Lúnasa 1891 mar nuachtán frith-Pharnell. Timpeall 1968, agus i rith na Trioblóidí tháinig méadú mór ar imshruthú The Irish News, go háirithe i rith aimsir an imtheorannaithe gan triail.
I mí an Mheithimh 1982, tháinig an páipéar faoi stiúradh iomlán chlann Mhic Giolla Phádraig, úinéirí an nuachtáin sa lá atá inniu ann. Is é an páipéar is mó léite i dTuaisceart Éireann é The Irish News. Tá cáil air fosta mar gheall ar a thuairisciú leathan ar na Cluichí Gaelacha.
Tá The Irish News ina pháirt den ghrúpa cumarsáide Northern Media Group. Is leis an teaghlach céanna sé stáisiún raidió i gCúige Uladh: Five FM, Six FM, Seven FM, Q97.2, Q101.2 agus Q102.9. Tá baint ag an ghrúpa Northern Media Group leis an chomhlacht úr nuachta, River Media, atá ag fás go gasta.
Imshruthú agus léitheoireacht | |
Imshruthú | 47,911 (RA amháin) |
Léitheoireacht | |
Dataí | Eanáir 2008 – Meitheamh 2008 |
Foinse | Audit Bureau of Circulations |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.