From Wikipedia, the free encyclopedia
Grúpa de bhunadh eitneach Tuirceach is ea Tataraigh na Crimé. De bharr géarleanúna san APSS, agus sa Rúis inniu, níl iontu anois ach tuairim is 12% den phobal sa Chrimé agus tá a dteanga dhúchais i mbaol báis.[1]
Cineál | pobal agus grúpa eitneach |
---|---|
Daonra iomlán | 257,592 (2021) |
Teanga | an Tatairis Chriméach |
Creideamh | an tIoslam Sunnaíoch |
Ball de | pobal Tuirciceach |
Ba Mhoslamaigh iad go traidisiúnta. Ach sa lá atá inniu ann ní chleachtann ach tuairim is aon trian acu an creideamh sin go gníomhach.
Stát ab ea an Mathshlua Órga a tháinig ar an bhfód sa Rúis agus san Úcráin sna 1240idí, i ndiaidh don Impireacht Mhongólach titim as a chéile. Stát Mongólach a bhí ann ar dtús, ach de réir a chéile, b’iad na treibheacha Turcacha a shealbhaigh é, agus lucht Moslamach.[2]
Nuair a rinne Caitríona Mhór ionghabháil ar an gCrimé i 1783, ba Thataraigh breis agus 84% den phobal.[1]
Sa bhliain 1944, dhíbir Stalin an pobal ar fad, breis agus 180,000 duine go lár na hÁise mar gur chuir sé ina leith gur chomhoibrigh siad leis na Gearmánaigh sa Dara Cogadh Domhanda, in ainneoin gur throid níos mó Tatarach leis an arm Sóivéadach ná mar a throid leis na Gearmánaigh.
Mheas taighdeoirí Tataracha, sna 1960idí, go bhfuair breis agus leath na ndaoine a díbríodh bás. D’admhaigh na Sóivéadaigh iad fhéin go bhfuair 30,000 bás sa dá bhliain tar éis a ndíbeartha.
Sa bhliain 1954, aistríodh an Chrimé ó Phoblacht Shóivéadach na Rúise go Poblacht Shóivéadach na hÚcráine. Ní raibh mórán conspóide faoi sin ag an am mar gur chuid den Aontas Sóivéadach iad araon (dar ndóigh d’athraigh sin ar fad nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach i 1991).
I mí Meán Fómhair 1967, d’aithin an tAontas Sóivéadach go raibh an tslí ar caitheadh leis an bPobal Tatarach ‘míréasúnta’.
Níor ceadaíodh don chuid is mó den phobal Tatarach filleadh go dtí an Chrimé go dtí 1989 le linn ré Mikhail Gorbachev. Níor tugadh cúiteamh ar bith riamh dóibh as an méid a bhí caillte acu agus bhí siad anois ina mionlach ina gcríocha dúchais féin, agus lonnaitheoirí Rúiseacha ab ea tromlach an phobail.[1]
Tar éis neamhspleáchas na hÚcráine i 1991 lean streachailt an phobail ag iarraidh a gcearta cultúrtha, náisiúnta, sóisialta agus eacnamaíochta a chur ar aghaidh.
Bhain gníomhaithe Tataracha úsáid as suiteoireacht chun iarracht a dhéanamh athsheilbh a ghlacadh ar thailte chun na pobail s’acu a bhí scriosta ag Stalin a atógáil. Chothaigh sin teannas agus foréigean, fiú leis an tromlach Rúiseach eitneach a raibh seilbh acu anois ar fhormhór na talún.
Bhain na Tataraigh aitheantas mar phobal ar leith amach den chéad uair i mbunreacht nua na hÚcráine i 1996. I 1998 thug Parlaimint na hÚcráine a beannacht do bhunreacht nua don Chrimé inar tugadh aitheantas do chearta teanga agus cultúrtha an phobail Tataraigh agus rinneadh dul chun cinn beag ó thaobh tumoideachas sa Tatairis a chur ar fáil.
I 1990–1991 d’éirigh leis an bPobal Tatarach a dtionól daonlathach ionadaíoch féin a bhunú – an Mejlis. I 1995 thug na Náisiúin Aontaithe – le beannacht rialtas na hÚcráine, – aitheantas don Mejlis mar eagraíocht a bhí ionadaíoch ar an phobal dúchasach Tatarach. Agus in 2006 ghlac rialtas na hÚcráine le polasaí nua chun cabhrú le Tataraigh a díbríodh as an gCrimé a athlonnú.
Ba thubaiste don phobal Tatarach ionghabháil na Rúise ar an gCrimé in 2014, áfach. Cuireadh cosc ar a dTionól daonlathach, an Mejlis. Cuireadh cosc ar thagairtí poiblí do dhíbirt na dTatarach i ré Stalin. Thuairiscigh eagraíocht cearta daonna idirnáisiúnta ar nós Human Rights Watch gur bhain na húdaráis Rúiseacha úsáid as ciapadh, imeaglú, bagairtí, cuardaigh mhídhleathacha ar áitribh chónaithe, ionsaithe fisiciúla agus fuadach mar chuid den fheachtas géarleanúna i gcoinne an phobail Tataraigh. Theith 25,000 den phobal ón gCrimé agus le spreagadh ó rialtas na Rúise, chuir breis agus 200,000 lonnaitheoir Rúiseach eile fúthu ar an leithinis, rud a d’fhág go raibh an céatadán Rúiseach eitneach den daonra ardaithe ó 60% go 76%.
Ghlac parlaimint na hÚcráine le rún in 2015 ag aithint gur chinedhíothú dá bhí i ndíbirt na dTatarach i 1944.[1]
Mhéadaigh an naimhdeas comónta don Rúis an dlúthpháirtíocht idir an pobal Tatarach agus an Úcráin. Tuigeann an pobal Tatarach nach bhfuil ach géarleanúint agus Rúisiú éigeantach i ndán dóibh faoi riail na Rúise, agus gurbh é an t-aon seans atá acu a gcearta cultúrtha agus náisiúnta a fháil ar ais ina gcríocha dúchais ná go bhfillfeadh an Chrimé ar riail na hÚcráine.
Ar an taobh eile den scéal tá an cúnamh atá á thabhairt ag an bpobal Tatarach don Úcráin sa chogadh tar éis dílseacht agus dualgas áirithe a chothú ina leith i measc rialtas agus pobal na hÚcráine.[1]
Mar sin tá bráithreachas fola inniu idir na Tataraigh agus na hÚcránaigh agus b’ionann an Chrimé a ghéilleadh don Rúis agus feall a dhéanamh orthu i súile na nÚcránach agus na dTatarach araon. Leanann na Tataraigh orthu ag cur i gcoinne fhorghabháil na Rúise agus ag iarraidh go bhfilleann an leithinis faoi riail na hÚcráine.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.