From Wikipedia, the free encyclopedia
Is parabal i Leabhar Gheineasas é scéal Thúr Bháibil[1][2] (Eabhrais: מִגְדַּל בָּבֶל, Mīgdal Bāḇel; Gréigis: Πύργος της Βαβέλ; Laidin: Turris Babel) a mhíníonn cén fáth a labhraíonn daoine go leor teangacha éagsúla.[3][4][5][6]
Cineál | scéal sa Bhíobla, téama ealaíne, móitíf scéalaíochta agus miotas bunaidh |
---|---|
Tréith | |
Príomhábhar | Túr Bháibil, teanga, húbras, aontacht agus anord |
Suíomh scéalaíochta | Túr Bháibil |
Cuid den tsraith | |
Cuid de | Geineasas 11 |
Ag tús an scéil, labhair an cine daonna an teanga chéanna ar fud an domhain. Tháinig siad anoir go dtí tír Shionár (שִׁנְעָר), agus d'aontaigh siad go dtógfaidís cathair ansin, chomh maith le túr “agus a bharr ag baint neimhe amach in airde” (Geineasas 11:4). Chonaic an Tiarna an chathair agus an túr, agus dá bharr sin, rinne sé “cíor thuathail dá dteanga... i dtreo nach dtuigfidís caint a chéile a thuilleadh.” (11:7), ansin chuir sé fán orthu ar fud an domhain (11:8).
Ó Leabhar Gheineasas, Caibidil 11:[7]
Níl an frása “Túr Bháibil” sa Bhíobla ar chor ar bith; an rud atá ann i gcónaí ná “an chathair agus an túr” (אֶת-הָעִיר וְאֶת-הַמִּגְדָּל), nó “an chathair” (הָעִיר). Ní léir cén bunús atá leis an ainm “Báibil” (an t-ainm Eabhraise ar an mBablóin freisin). Is é Bāb-ilim (“geata Dé”) an t-ainm dúchais Acáidise a bhí ar an gcathair. Mar sin féin, creidtear anois gur tháinig an fhoirm sin chun cinn mar thoradh ar shanasaíocht a chum gnáthdhaoine na hAcáide ar fhoirm níos luaithe den ainm, Babilla, atá de bhunús neamh-Sheimíteach is dócha.[8][9] De réir an Bhíobla féin, fuair an chathair an t-ainm “Báibil” ón bhriathar Eabhraise בָּלַל (bālal), a chiallaíonn “measc”, nó “cuir mearbhall ar”.[10]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.