From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Téalainnis (ภาษาไทย, phasa thai; AFI [pʰaːsaːtʰɑj]) teanga náisiúnta agus oifigiúil na Téalainne. Is í teanga dhúchais na dTéalannach, is é sin, an dream eitneach is mó agus is láidre sa Téalainn, agus is ceann de na teangacha Thai-Kadai í. Glactar leis gurb é deisceart na Síne ba dúchas do lucht labhartha na dteangacha seo ar dtús, agus tá ceann acu, an teanga Zhuang, á labhairt ansin i gcónaí. Tá teangeolaithe áirithe den bharúil, áfach, gur féidir go bhfuil nasc éigin idir na teangacha Thai-Kadai agus na teangacha Astrainéiseacha, na teangacha Astráiseacha nó na teangacha Sínea-Thibéadacha.
ภาษาไทย agus ภาษาไทย | |
---|---|
Eapainm | an Téalainn |
Cineál | teanga nádúrtha, teanga bheo agus teanga |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 20,700,000 (2019) |
Dúchasach do | an Téalainn |
Stáit | an Téalainn, an Chambóid, an Mhalaeisia agus Maenmar |
Comhordanáidí | 14° 11′ N, 100° 40′ E |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha de chuid na hÁise Kra–Dai (en) Kam–Tai (en) Tai (en) Southwestern Tai (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Thai alphabet (en) agus romanization of Thai (en) |
Institiúid caighdeánaithe | Royal Society of Thailand (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | th |
ISO 639-2 | tha |
ISO 639-3 | tha |
Glottolog | thai1261 |
Ethnologue | tha |
ASCL | 6402 |
IETF | th |
Teanga thonúil í an Téalainnis, agus ní bhaintear mórán úsáide as míreanna gramadaí inti - is teanga scoite (teanga anailíseach) í, mar sin. Tá sí ó dhúchas ag 65 mhilliún duine, ach bíonn canúintí éagsúla ann ar fud na Téalainne, cuid acu an-difriúil, agus uaireanta is deacair a rá cé acu canúint Téalainnise nó teanga ghaolmhar atá á labhairt in áit nó i réigiún áirithe. Tá an Laoisis, teanga náisiúnta Laos, an-chosúil leis an gcanúint Téalainnise a labhraítear i dtuaisceart na Téalainne, mar shampla. Is léir, áfach, go bhfuil na canúintí seo go léir ag éirí níos cosúla leis an Téalainnis chaighdeánach faoi thionchar na meán cumarsáide.
Tá stíleanna éagsúla in úsáid sa Téalainnis: Téalainnis na sráide, an Téalainnis mhórluachach, an Téalainnis reitriciúil, an Téalainnis Ríoga agus an Téalainnis reiligiúnach. Sa Téalainnis Ríoga, úsáidtear a lán focal ón gCiméiris (teanga náisiúnta na Cambóide), agus bíonn a lán focal ó theangacha naofa an Bhúdachais - an tSanscrait agus an Pháilis - le cloisteáil sa Téalainnis reiligiúnach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.