Svaistice

From Wikipedia, the free encyclopedia

Svaistice

Seansiombail í an svaistice - siombail reiligiúnach ach go háirithe - a bhí in úsáid ag na Ceiltighe, na Slavaigh, treibheanna Gearmáinice agus i sibhialtachtaí an Oirthir, cosúil leis na Hiondúigh agus lucht leanúna an Bhúdachais. Thug na Naitsithe taitneamh don svaistice mar shiombail, nó bhí a lán cumann rúndiamhrachta ag baint a n-úsáide aisti thiar i dtús na fichiú haoise i Vín. Is minic a deirtear gurbh é an t-idé-eolaí réamh-Naitsíoch Jörg Lanz von Liebenfels a thug isteach sna ciorcail sin í, ach dealraíonn sé go mbíodh a lán clubanna den chineál sin tugtha don svaistice roimhe sin.

Thumb

Toisc an úsáid a bhain na Naitsithe as an tsiombail seo, bíonn muintir na dtíortha Iartharacha drogallach roimh an svaistice ar na saolta seo. Scéal eile go maireann na sibhialtachtaí Oirthearacha á húsáid, ós rud é go bhfuil a ciall féin aici ansin.

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.