Superman

From Wikipedia, the free encyclopedia

Superman
Remove ads

Carachtar ficseanúil de chuid DC Comics is ea Superman, a tháinig i gcló den chead uair in Action Comics #1 i mí an Mheithimh 1938.

Fíricí Gasta Cineál, Cruthaithe ag ...

Sárlaoch atá ann, ceaptha agus cumtha ag an scríbhneoir Meiriceánach Jerry Siegel agus an t-ealaíontóir greannáin Meiriceánach/Ceanadach Joe Shuster sa bhliain 1932, agus an bheirt ag cur fúthu i gCleveland, Ohio.

Ó shin i leith, tá Superman dulta go mór i bhfeidhm ar an bpobal agus é ina ábhar don iliomad greannán, leabhar, sraith raidió agus teilifíse agus scannán.

Thumb

Ar an bpláinéad Krypton a saolaíodh Kal-El, mar a bhíodh aithne air ina chéad óige. Agus é ina bhuachaill óg, seolann a athair - an t-eolaí Jor-El - i dtreo an Domhain é, díreach sula scriostar a phláinéad dúchais i bpléascadh ollmhór.

Tagann an leanbh Kal-El chuige féin slán sábháilte ar fhód an Domhain, ar fheirm de chuid lánúine áitiúla in Kansas. Tógann an feirmeoir agus a bhean an buachaill mar a bheadh mac ann, agus tugann siad Clarke Kent air.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads