From Wikipedia, the free encyclopedia
Scannán de chuid Disney ón bhliain 1937 is ea Snow White and the Seven Dwarfs (Sneachta Bán agus na Seacht Draoidín). Ghlac Adriana Caselotti, Lucille La Verne, Pinto Colvig agus Roy Atwell páirt ann.
Banphrionsa uaigneach is ea Snow White, nó Sneachta Bán. Cónaíonn sí lena leasmháthair, banríon. Is é an bhuanbhuairt ar an mBanríon ná go mbeadh Sneachta Bán ní ba áille ná í féin lá éigin. Coimeádann sí Sneachta Bán ag obair i gcistin an pháláis. Fiafraíonn an Bhanríon den Scáthán Draíochta gach lá cé hí an té is deise dá bhfuil ann, agus gach lá tugann an scáthán mar fhreagairt gurb í an bhanríon.
Lá amháin insíonn an Scáthán Draíochta don Bhanríon gurb í Sneachta Bán an duine is deise. Ordaíonn an Bhanríon don Sealgaire Sneachta Bán a thabhairt isteach sa choill, í a mharú agus—mar chruthúnas air sin—a croí a thabhairt ar ais i mbosca seodra.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.