From Wikipedia, the free encyclopedia
Sliabhraon mór is ea na Sléibhte Creagacha (The Rocky Mountains nó The Rockies). Tá siad suite in iarthar Mheiriceá Thuaidh, idir tuaiscart na Colóime Briotanaí in iarthar Cheanada agus Nua-Mheicsiceo in iardheisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá.
(en) Rocky Mountains (fr) montagnes Rocheuses | |||||
Cineál | Non-geologically related mountain range (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Mór-roinn | Meiriceá Thuaidh | ||||
Limistéar riaracháin | British Columbia, Ceanada, Alberta, Ceanada, Idaho, SAM, Montana, SAM, Wyoming, SAM, Utah, SAM, Colorado, SAM agus Nua-Mheicsiceo, SAM | ||||
| |||||
Sliabhraon | Cordailléara Mheiriceá | ||||
Tréithe | |||||
Airde os cionn na farraige | 4,401 m | ||||
Toisí | 650 () × 3,000 () km | ||||
Pointe is airde | Mount Elbert (en) (4,401 m ) | ||||
Déanta as | carraig mheiteamorfach, carraig dhoigheartha agus carraig dhríodair | ||||
Stair | |||||
Tréimhsí stairiúla | an Tréimhse Chailceach agus Réamh-Chaimbriach | ||||
Tá an sliabhraon 3,000 míle (4,830 km) ar fhad. Tá sé 70-300 míle ar leithead (110 - 480 km). Is é Mount Elbert i gColorado an sliabh is airde sna Rockies: 4,440 troigh (4,401 m).
Réigiún turasóireachta atá ann, go mór mhór fánaíocht, campáil, iascaireachta, sciáil agus clársciáil.
Tá na Sléibhte Creagacha mar a bheadh cnámh droma Mheiriceá Thuaidh. Is iad an tríú sliabhraon is faide ar domhan iad.[1]
Is é an Liard River in British Columbia teorainn thuaidh na Rockies agus is é an Rio Grande i New Mexico an teorainn theas. Tá sliabhraonta eile ann amhail an Selwyn Range i Yukon agus an Brooks Range in Alaska ar an taobh thuaidh den Liard, agus an Sierra Madre i Meicsiceo. Níl siadsan sna Rockies, áfach, cé go bhfuil siad san American Cordillera.
Dar leis na Meiriceánaigh, tá na Cabinet agus na Salish Mountains in Idaho agus Montana sna Rockies, cé go bhfuil an chuid díobh ar an taobh thuaidh den Kootenai River, na Columbia Mountains, lasmuigh de na Rockies dar leis na Ceanadaigh.
Cruthaíoodh na Rockies tuairim is 76 milliún bliain ó shin sa Tréimhse Chailceach.
I measc na mbundúchasach sa cheantar áirítear Apache, Arapaho, Bannock, Blackfoot, Cheyenne, Crow, Flathead, Shoshone, [[]], Ute, Kutenai (Ktunaxa i gCeanada), Sekani, Dunne-za. Shroich grúpa faoi cheannas Spáinnigh darbh ainm Francisco Vásquez de Coronado an réigiún sa bhliain 1540, agus tháinig meath mór ar na bundúchasaigh ina dhiaidh sin.
Ba é Sir Alexander MacKenzie an chéad Eorpach a thrasnaigh na Rockies, sa bhliain 1793. Shroich sé cósta an Aigéan Chiúin i mBella Coola in oirthear British Columbia.
Ba é turas taiscéalaíochta Lewis agus Clark (1804–1806) an chéad reconnaissance eolaíoch ar na Rockies.
Bhí go leor mountain men, Francaigh, Spáinnigh agus Briotanaigh ach go háirithe, sna Rockis ó 1720 go 1800, sa tóir ar fhionnaidh agus ar fhosuithe mianra. Bhunaigh an North West Company Rocky Mountain House mar phost trádála in Alberta sa bhliain 1799 agus bhunaigh an Hudson's Bay Company Acton House sa cheantar céanna. ón naoú haois déag ar aghaidh, chuir go lor Meiriceánaigh agus Ceanadaigh de phór na hEorpa fúthu sna Rockies.
Tagann na milliúin turasóir chun na Rockies gach bliain. Is é an Béarla príomhtheanga an réigiúin, ach labhraítear Spáinnis agus teangacha na mbundúchasach i gceantar áirithe agus is teanga oifigiúil í an Fhraincis i bpáirceanna náisiúnta Cheanada.
Sna Stáit Aontaithe, tá clú agus cáil ar
Seo iad na páirceanna náisiúnta sa chuid Cheanadach de na Rockies
Tá Glacier National Park in Montana agus Waterton Lakes National Park in Alberta ag críochantacht lena chéile agus Waterton-Glacier International Peace Park a thugtar air seo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.