From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá i sléacht Bucha ná marú sibhialtach Úcránach ag Fórsaí Armtha na Rúise agus drochíde a thug na Fórsaí Armtha sin dóibh i mí an Mhárta 2022, le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tháinig físfhianaise agus fianaise fhótagrafach den sléacht chun solais ar 1 Aibreán 2022 tar éis de na fórsaí Rúiseacha tarraingt amach as an gcathair.
| ||||
Cineál | eirleach coir chogaidh cinedhíothú | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Bucha | |||
Cuid de | coireanna cogadh na Rúise, ionradh na Rúise ar an Úcráin, Kyiv Offensive (2022) (en) , Cath Bucha agus war crimes in the Russian invasion of Ukraine (en) | |||
Tréimhse | 27 Feabhra - 31 Márta 2022 | |||
Dáta na bliana | Márta 2022 | |||
Tréimhse ama | stair chomhaimseartha | |||
Suíomh | Bucha, An Úcráin | |||
Tír | an Úcráin | |||
Rannpháirtí | ||||
Sprioc | Úcránaigh | |||
Líon básanna | ≥ 411 | |||
Déantóir na coire | 64th Guards Motorized Rifle Brigade (en) Fórsaí Armtha na Rúise | |||
Meán cumarsáide | ||||
Haischlib | #BuchaMassacre |
Fuarthas 458 corp, sibhialtaigh go léir, i ndiaidh na heachtra.[1] Le fianaise fhótagrafach, léiríodh gur caitheadh faoi bhéal gunna sibhialtaigh, a cuireadh i líne agus a lámha ceangailte taobh thiar dá ndromanna, rud a cruthaíodh, de réir cosúlachta, gur tharla básuithe seachbhreithiúnacha.
Le fiosrúchán a rinne Radio Free Europe, deimhníodh gur úsáideadh íoslach faoi láthair champála mar sheomra céastóireachta.[2] Fuarthas an-chuid corp agus iad ciorraithe agus dóite, agus thuairiscigh cailíní chomh hóg le 14 bliana d’aois gur éignigh saighdiúirí Rúiseacha iad.
Bhí sé iarrtha ag an Úcráin ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta go ndéanfadh sí imscrúdú ar a tharla in Bucha mar chuid den imscrúdú leanúnach atá á dhéanamh ag an gCúirt ar an ionradh chun a shuíomh an ndearna an Rúis coireanna cogaidh nó coireanna in aghaidh an chine dhaonna.
Shéan údaráis na Rúise go raibh siad freagrach agus ina ionad sin mhaígh siad gur fhalsaigh an Úcráin píosa scannánaíochta den eachtra nó gur eagraigh sí fhéin na maruithe mar chuid d’oibríocht den chineál “bratach bhréige”, agus chuir siad síos ar phíosaí scannánaíochta agus grianghraif de na corpáin mar “bhréagnuacht” ón Iarthar agus mar ghríosú nó léiriú bréige ar thaobh údaráis na hÚcráine.
Chuir roinnt grúpaí agus eagraíochtaí meán síos ar an maíomh sin mar mhaíomh bréagach. De réir cuntais finné súl, bhí Fórsaí Armtha na Rúise freagrach as na maruithe.
Thug duine de mhuintir an bhaile le fios gur ordaigh saighdiúirí Rúiseacha d'fhuíoll an áir gan na coirp a adhlacadh fad is a bhí sé ag sioc go crua. Ar deireadh,nuair a bhí siad ar tí imeacht, thochail siad poll mór le tarracóir agus cuireadh na coirp ann gan aon dínit.[3]
Thug an tUachtarán Volodymyr Zelensky le fios gur mharaigh na Rúisigh níos mó daoine fós in áiteanna eile fearacht Borodianka tríocha ciliméadar siar ó thuaidh ó Bucha. Bhí coireanna cogaidh agus cinedhíothú curtha i leith Arm na Rúise ag an Uachtarán Zelensky i dtaca leis an sléacht de.[4][5][6]
Mhaígh na Rúisigh ag an am nach raibh sa scéal ach cur i gcéill agus gur íomhánna bréige a bhí sna pictiúir de dhaoine marbha.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.