From Wikipedia, the free encyclopedia
Bás naíonáin gan choinne, nach féidir aon chúis leis a aimsiú trí scrúdú cliniciúil nó iarbháis é Siondróm Bás Tobann Naíonáin[1] nó bás cliabháin (SIDS i mBéarla). De réir cineáil, cuirtear an leanbh sláintiúil chun leapan mar is gnáth sa tráthnóna agus faightear marbh é i lár na hoíche nó ar maidin. Is féidir go mbeidh cúiseanna éagsúla leis, ach is meabhraitheach iad den chuid is mó. I measc na gcúiseanna seo, tá stopadh an análaithe (aipnia codlata) de thoradh eatramh fada riospráide neamhrialta, freagairt iomarcach néarógach ar shú ábhair ó chonair an díleá isteach sa bhfeadán riospráide, bac na n-aerbhealaí de thoradh dúnadh na struchtúr faoi bhun na farainge, so-ghontacht mhéadaithe do thocsainí na mbaictéir riospráide a bhíonn caoin de ghnáth, ábhair dhochracha i láthair sa tocht, nó suaitheadh an rialú teochta sa cholainn i dtimpeallacht fhuar nó leis an iomarca córacha leapa. Tá tarlú na tragóide seo laghdaithe ó dheireadh an 20ú céad, ó tosaíodh ag comhairliú do thuismitheoirí leanaí a chur a chodladh ar a ndroim nó a dtaobh, seachas ar a ngoile.[2]
Cineál | bás tobann cairdiach, bás naíonáin, galar géiniteach, siondróm agus galar |
---|---|
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | CAV3, KCNJ8, SCN5A agus FEV |
Aicmiú | |
ICD-10 | R95 |
ICD-9 | 798.0 |
CIAP | A95 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 272120 |
DiseasesDB | 12633 |
MedlinePlus | 001566 |
eMedicine | 804412 agus 1004238 |
Patient UK | sudden-infant-death-syndrome |
MeSH | D013398 |
UMLS CUI | C0038644 |
DOID | DOID:9007 |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.