From Wikipedia, the free encyclopedia
Is scannán beochana Meiriceánach é Shrek ón bhliain 2001. Tá sé bunaithe ar an leabhar síscéal Shrek a scríobh William Steig i 1990.
Cineál | scannán beochana |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Foilseachán | Stáit Aontaithe Mheiriceá, 2001 2001 2001 2001 |
Formáid dáilte | theatrical release (en) agus físeán ar éileamh |
Tréith | |
Seánra | scannán fantaisíochta, scannán bunaithe ar leabhair, scannán dlúthchairde, fantasy comedy (en) , scannán eachtraíochta agus cinematic fairy tale (en) |
Carachtair | Shrek (en) Donkey (en) Princess Fiona (en) Lord Farquaad (en) Pinocchio (en) Gingerbread Man (en) Three Little Pigs (en) Three Blind Mice (en) Big Bad Wolf (en) |
Suíomh scéalaíochta | DuLoc (en) |
Ar siúl i gcruinne ficseanúil | Shrek universe (en) |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do | Academy Award for Best Writing, Adapted Screenplay (en) agus Academy Award for Best Animated Feature (en) |
Gradam a fuarthas | Academy Award for Best Animated Feature (en) (2002) |
Cuid den tsraith | |
Cuid de | National Film Registry (en) |
Shrek (en) agus DreamWorks Animation feature films (en) | |
Eile | |
Suíomh gréasáin | dreamworks.com… |
Scannán scigaithris is ea é, ag déanamh ceap magaidh ar scannáin shíscéal eile, ar nós scannáin beochana Disney. Insíonn an scéal dúinn faoin eachtraí Shrek (Mike Myers), gruagach glas ina chónaí i seascann.
Ghlac Mike Myers, Eddie Murphy, Cameron Diaz agus John Lithgow páirt ann. Bhuaigh Shrek Gradaim an Acadaimh don Scannán Beochana is Fearr, an chéad uair a bronnadh an gradam. Bhí trí scannáin eile sa tsraith, Shrek 2 (2004), Shrek the Third (2007), agus Shrek Forever After (2010).
Gruagach cancrach agus gránna is ea Shrek, atá ina chónaí go suaimhneach i seascann. Oíche amháin, tagann grúpa mór daoine draíochtach ar a chuid talamh - Peter Pan, Cinderella, na dTriúr Luch Dhall, na dTriúr Beir, Pinocchio agus Snow White ina measc. Chaith an t-olc Tiarna Farquaad amach ón tír dhúchais iad. Buaileann Shrek le hAsal, carachtair cainteach a chuireann isteach go mór le Shrek. Téann Shrek agus Asal ar tóraíocht go dtí Duloc chun an talamh a iarratas ar ais ón Tiarna Farquaad agus an seascann a thabhairt siar.
Buaileann siad le Farquaad, agus cuireann sé iad ar tóraíocht eile - an Bhanphrionsa Fiona a tharrtháil ó chaisleán atá garda go láidir le dragan. Tugann Shrek agus Asal tarrtháil ar Fiona, d'ainneoin iarrachtaí an dragan. Níor thaitníonn Shrek go mór le Fiona ar dtús, ach éiríonn siad cairdiúil. Ach an oíche ina dhiaidh sin, faigheann Asal amach rún - is ban-gruagach í Fiona agus tá sí faoi dhraíocht. Gach oíche, athraíonn Fiona ó bhanphrionsa álainn go gruagach gránna. Bíonn uirthi "Chéad phóg an fíorghrá" a fháil agus an draíocht a bhris. Ach níl a fhios ag Shrek faoin rún. Smaoiníonn sé nach mbíonn spéis ag Fiona air mar tá sé gránna.
Tagann an Tiarna Farquaad agus tugann sé Fiona siar abhaile go dtí a caisleán. Téann Shrek abhaile go dtí an seascann, agus an bheirt míshásta. Níos déanaí, téann Shrek, Asal agus Dragan ar tóraíocht chun Fiona a shábháil ó chaisleán Farquaad. Ag an gcaisleán, bíonn Fiona agus Farquaad díreach iad a phósadh, ach le luí na gréine, athraíonn Fiona ar ais go dtí gruagach. Tagann fearg ar Farquaad agus ba mhaith leat Shrek a maraíodh. Itheann Dragan Farquuad chun an lá a shábháil, agus pógann Shrek agus Fiona. Tá an draíocht briste. Beidh cuma an gruagach ar Fiona an t-am go léir. Tá an bheirt an-sásta agus pósann siad.
Shrek ar IMDb
Shrek ar Suíomh Oifigiúil DreamWorks
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.