From Wikipedia, the free encyclopedia
Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea an tSeirbia, nó Poblacht na Seirbia (Seirbis: Република Србија nó Republika Srbija). Is í Béalgrád an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tá sí suite ag crosaire idir Lár na hEorpa agus Oirdheisceart na hEorpa. Tá stair agus cultúr éagsúil ag an tír cé gur tír réasúnta beag í. Faoi láthair tá sí ag dul tríd an aistriú ó Sóisialachas Tito agus ré Milošević go daonlathas. Tá teorainn aici leis An Ungáir ó thuaidh; An Rómáin agus an Bhulgáir san oirthear; an Mhacadóin ó dheas agus; an Chróit, an Bhoisnia, agus Montainéagró san iarthar; freisin tá teorainn aici leis an Albáin tríd an réigiúin Cosaive.
An tSeirbia | |||||
---|---|---|---|---|---|
Србија (sr) | |||||
|
|||||
Aintiún | Bože pravde | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Béalgrád | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 6,647,003 (2022) | ||||
• Dlús | 75.11 hab./km² | ||||
Déamainm | Seirbiach | ||||
Teanga oifigiúil | an tSeirbis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | stáit Iar-Iúgslavacha Deisceart na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 88,499 km² | ||||
Pointe is airde | Big Rudoka (en) (2,660 m) | ||||
Pointe is ísle | Timok (28 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | an tSeirbia agus Montainéagró | ||||
Cruthú | 780: (Prionsacht na Seirbia) 1459: (Serbian Despotate (en) ) 1817: (Prionsacht na Seirbia) 1918: (Ríocht na hIúgsláive) 2006 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Seirbia | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Náisiúnta na Seirbia | ||||
• Uachtarán na Seirbia | Aleksandar Vučić (2017–) | ||||
• Príomh-Aire na Seirbia | Miloš Vučević (2024–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 63,082,021,206 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Dinar na Seirbia | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .rs agus .срб | ||||
Glaochód | +381 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 192, 193, 194, 92, 93 agus 94 | ||||
Cód tíre | RS | ||||
Cód NUTS | RS | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | srbija.gov.rs |
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: drochghramadach
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Ó lonnaigh na Seirbiaigh sna Balcáin, bhunaigh siad stáit éagsúla, ar deireadh d'aontaigh siad mar Impireacht na Seirbia sa bhliain 1346. Faoin 16ú haois, rinne Impireacht Otamánach gabháil ar an réigiúin iomláin ina bhfuil Seirbia an lá inniu suite. San 19ú haois ath-bhunaigh réabhlóid Seirbia mar mhonarcacht bhunreachtúil. I ndiaidh tamaill d'fhás an ríocht seo agus fuair siad réidh leis an feodachas ar fud na Balcáin. Sa bhliain 1918 aontaigh an cúige Hapsburgach Vóvaidín le Ríocht na Seirbia. I ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, bhí Seirbia páirteach i gcur le chéile an chéad Iúgslaiv leis na náisiúnaithe eile Slavaigh ó dheas, bhí an t-aonán seo i ré i bhfoirm éagsúla go dtí an bhliain 2006. Sa bhliain sin aisghabh Seirbia a neamhspleáchas. I mí Feabhra 2008 d'fhógair parlaimint UNMIK-riaraithe Cosaive, cúige Seirbia ó dheas, neamhspleáchas. Bhí freagairt rialtais idirnáisiúnta measctha, le cuid mhaith den Eoraip ag tabhairt aitheantas don aonán nua. Tá Seirbia mar bhaill de chomhlachtaí idirnáisiúnta éagsúla, ina measc tá, NA, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip(ESCE), Comhpháirtíocht na Síochána, an Eagraíocht Comhar Eacnamaíochta na Mara Duibhe(CEMD) agus Comhaontú Saorthrádála na hEorpa Láir(CSEL). Tá sí freisin mar iarrthóir oifigiúil le bheith mar bhaill den Aontas Eorpach agus is tír neodrach í.
Bhí na cultúir neoiliteacha Starčevo agus Vinča lonnaithe mórthimpeall ar Bhéalgrád agus bhí ceannas acu ar na Balcáin (chomh maith le cuid de Lár na hEorpa agus den Áise Bheag) 8,500 bhliain ó shin. Is iad Lepenski Vir agus Vinča-Belo Brdo na suíomh is tábhachtach de na cultúir seo, suite ar bhruach na Danóibe. Thart ar 1000 RC, tháinig na pailéa-bhalcáigh; Tráiciagh, Dáiciaigh, Iliriaigh chun fód sna Balcáin. Tháinig na sean-Ghréigigh chomh fada agus deisceart Seirbia an lae inniu san 4ú haois RC. Ba é Kale-Krševica an pointe is faide siar ó thuaidh de Impireacht Alastar Mór. Lonnaigh an treibh Cheilteach Scordiscigh ar fud na Seirbia san 3ú haois RC agus thóg siad daingin éagsúla, ina measc; Singidunum (Béalgrád sa lá atá inniu), agus Naissos (áit a bhfuil Niš an lae inniu). Chruthaigh na Scordiscigh a stáit féin le Singidunum mar phríomhchathair. Chloígh na Rómhánaigh chuid de Seirbia sa 2ú haois RC, bhunaigh siad an cúige Illyricum, agus ansin Moesia Mór. Tógadh Srem sa bhliain 9 RC, chomh maith le Bačka agus Banat sa bhliain 106 AD i ndiaidh na cogaidh Dáiciaigh. Ba iad seo a leanas na bailte tábhachtach sa chúige Rómhánach-Seirbiach, Moesia Uachtair; Singidunum, Viminacium, Remesiana, Naissus agus Sirmium (a bhí mar phríomhchathair Rómhánach i rith an Triúrarcacht). Rugadh 17 Impire Rómhánaigh i Seirbia, Constaintín Mór an cheann ba cháiliúla, an chéad Impire Críostaí, a d'fhógair caoinfhulaingt reiligiúnach ar fud na himpire. Nuair a roinneadh Impireacht na Róimhe sa bhliain 395, d'fhán an réigiúin faoi riail na Biosáinte. I ndiaidh na 520í, tháinig Slavaigh chun tosaigh ar fud na hImpireacht Bhiosántaigh.
Bhí cónaí ar na Seirbiaigh i réigiúin darbh ainm Sklavinia ("tailte na Slavaigh"), ag an am neamhspleách ó riail Bhiosántaigh. San 8ú haois, bhunaigh Ríshliocht Vlastimirović Prionsacht na Seirbia. Sa bhliain 822, bhí tailte na Seirbia ag síneadh thar chuid mhaith na Dalmáite, agus glacadh leis an gCríostaíocht mar reiligiúin stáit thart ar 870. I lár an 10ú haois tháinig an stáit amach mar chónaidhm treibhe a chuaigh go dtí cósta an Mhuir Aidriad trí na habhainn Neretva, Sava, Morava, agus Skadar. Thit an stáit as a chéile i ndiaidh bás an Rí Vlastimirid dheiridh – ghabh na Bhiosántaigh an réigiúin agus rialaigh siad é ar feadh aois amháin. Sa bhliain 1040 bhí éirí amach na Seirbiaigh faoin Ríshlioht Vojislavljević in Duklja (Pomorje). Sa bhliain 1091, bhunaigh Ríshliocht Vukanović Prionsacht Mór na Seirbia, bunaithe ar Rascia (Zagorje) agus sa bhliain 1142 aontaíodh an dá chuid arís.
Sa bhliain 1166, tháinig Stefan Nemanja i gcoróin, agus cur sé tús le rath Seirbia faoi Ríshliocht Nemanjić. Bhí mac le Nemanja, Rastko (Naomh Sava) in ann neamhspleáchas a bhaint amach ar son an Eaglais Seirbiach sa bhliain 1217 agus scríobh sé an bunreacht is sine atá eolas againn air. Sa bhliain chéanna bunaíodh Ríocht na Seirbia le Stefan II mar Rí. Bhí fadhbanna ag an Ríocht i gcónaí, ag troid le cúigí áirithe agus le hImpireacht na hOtamánaigh. Bhí Dušan in ann tailte nua a fháil de bharr meath Impireacht Bhiosántach agus thóg sé formhór réigiúin na Gréige. D'oscail sé trádbhealaigh nua agus neartaigh sé geilleagar an Stáit. Ré rathúil é seo agus ba é Seirbia ar cheann de na tíre agus cultúir is forbartha san Eoraip ag an am. Tháinig deireadh leis an ré ag Cath Cosaive sa bhliain 1389. I ndiaidh treascairt Constantinople ag na hOtamánaigh sa bhliain 1453, Léigear Bhéalgrád (1456) agus léigear ar an bpríomhchathair sealadach Smederevo (1459) briseadh an Ríocht go hiomláin. Lean Béalgrád ag troid ar feadh 70 bhliain ach ar deireadh thit an chathair sa bhliain 1521. Bhí Impireacht na hOtamánaigh saor anois le ionradh a dhéanamh ar Lár na hEorpa.
Bhí an réigiúin páirteach sna cogaidh idir Impireacht na hOtamánaigh agus Impireacht na hOstaire. Rinne an Ostair ionradh ar an áit trí huaire agus bhí Éirí Amach éagsúla i gcoinne riail na hOtamánaigh. Sa bhliain 1595 d'éirigh na Seirbiaigh amach sa réigiún Banat i dtuaisceart na Seirbia. Ar feadh tamaill ghabh siad cathrach éagsúla, ina measc; Vršac, Bečkerek, agus Lipova, chomh maith le Titel agus Bečej in Bačka. Bhí an tEaspag, Teodor Nestorović, mar cheannaire ar an Éirí Amach. Mar dhíoltas don Éirí Amach dhóigh na hOtamánaigh taisí Naomh Sava i mBéalgrád. Chuir na hOtamánaigh an réigiún faoi chois agus d'éag seirbiaigh an áit. Lean an dá hImpireachtaí ag troid. Ón bhliain 1718 go dtí 1739 bhí lámh in uachtar ag na hOstaraigh agus glaodh Ríocht na Seirbia ar an áit, ach arís chuir na hOtamánaigh an réigiúin faoi chois. San 18ú haois thóg an Impireacht Hapsburgach an Vóvaidín de réir Conradh Karlowitz. I rith an tréimhse seo bhí Imirce Mór na Seirbiaigh freisin. Bhog Seirbiaigh go dtí an Vóvaidín, ó Deisceart na Seirbia agus go dtí an Imeallchríoch Míleata nó Krajina san Iarthar (An Chróit sa lá atá inniu).
Lean Réabhlóid na Seirbia i gcoinne An Impireacht Otamánach ar feadh 11 bhliain, ag tosú sa bhliain 1804 agus ag críochnú sa bhliain 1815. Dhá Éirí Amach a bhí i gceist agus mar thoradh orthu bhain na Seirbiaigh féin-riail amach agus ar deireadh sa bhliain 1835 tugadh neamhspleáchas iomláin do na Seirbiaigh. Leis an gCéad Éirí Amach, faoi cheannas Diúc Karađorđe Petrović, thóg sé 10 mbliana do Arm na hOtamánaigh smacht a fháil arís ar an tír. Go lua ina dhiaidh an athghabháil seo, thosaigh an Dara Éirí Amach. Faoi cheannas Miloš Obrenović, chríochnaigh sé sa bhliain 1815 le comhréiteach idir na réabhlóidithe Seirbiach agus údaráis Otamánach. Fuair siad réidh le feodachas agus ar 15 Feabhra 1835 ghlac siad bunreacht nua. Sa bhliain 1862 bhí coimhlint idir an airm agus muintir Bhéalgrád agus tar éis brú ó na Cumhachtaí Móra, bhí saighdiúirí uilig na Tuirce imithe ón bPrionsacht. Sa bhliain 1876, d'fhógair Seirbia cogadh ar an Impireacht Otamánach ag iarraidh aontú le Bosnia. Ag Comhdháil Berlin, 1878, cuireadh deireadh leis an gCogadh Rúis-Túrcach agus cuireadh cosc ar Aontú Seirbia le Bosnia; Cuireadh Bosnia faoi riail Impireacht Ostra-Ungárach. Rialaigh Clann Obrenović Prionsacht na Seirbia ón mbliain 1815 go dtí 1903 (seachas 1842 go 1858 nuair a bhí Prionsa Aleksandar Karađorđević i gceannas). Sa bhliain 1882, ríocht ab ea Seirbia, rialaithe ag Rí Milan. Sa bhliain 1903, i ndiaidh Tonnbhriseadh Bealtaine, thóg Clann Karađorđević cumhacht. Mar aon le réabhlóidí 1848 san Ostair bunaíodh réigiúin féinrialaithe i Vóvaidín na Seirbia.
Féach Freisin: Cogaidh na mBalcán, Seirbia sa Chéad Chogadh Domhanda agus Ríocht na hIúgslaive
Sa Chéad Chogadh Balcánach (1912), scrois Conradh na mBalcán Impireacht na hOtamánaigh agus ghabh siad na réigiúin Eorpach. Tharla an Dara Chogadh Balcánach (1913) nuair a chas an Bhulgáir a aghaidh ar thalamh na tíortha eile ón gConradh, ach scroiseadh í, áfach. De bharr na cogaidh seo bhí talamh na Seirbia tar éis fás 80% agus a daonra 50%, bhí thart ar 20,000 seirbiaigh marbh.
Ar an 28 Meitheamh, 1914 d'fheallmharaigh Gavrilo Princip Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire in Sairéavó agus ar deireadh d'fhógair Ostair-Ungáir cogadh ar Sheirbia. Le tacaíocht a thabhairt dá comhghuaillí, shlóg An Rúis a cuid saighdiúirí, agus mar sin d'fhógair An Ghearmáin cogadh ar an Rúis le tacaíocht a thabhairt don Ostair-Ungáir agus mar sin ar aghaidh agus thosaigh an chéad chogadh domhanda. I dtús báire d'éirigh go maith le Seirbia, bhí lámh in uachtar acu ag Cath Cer agus Cath Kolubara. Ar deireadh, áfach, chuir na Cumhachtaí Láir iad faoi chois sa bhliain 1915. D'éag formhór an airm agus an rialtas go Corfú agus An Ghréig. Tháinig siad ar ais le troid ar Fronta na Macadóine, áit ar bhris siad líne a naimhde ar an 15 Meán Fómhair, 1918, ag saoradh na Seirbia agus ag scrios Impireacht na hOstaire agus na hUngáire chomh maith leis an Bhulgáir. Cailleadh 58% (243,600) de shaighdiúirí na Seirbia sa chogadh. In iomláin deirtear go raibh thart ar 1,000,000, taismigh, sé sin tromlach daonra fireannach iomláin (57%).
Ar an 1 Nollaig 1918, d'fhógair Prionsa na Seirbia, Alexander, Ríocht na Seirbiaigh, Crótaigh agus Slóivéanaigh faoi riail Rí Peter I na Seirbia. In Mí na Samhna 1921 tháinig mac le Rí Peter, Alexander i gcomharbacht mar Rí. Bhí fadhbanna móra idir Seirbiaigh agus Crótaigh sa pharlaimint, agus bhí na rialtais go minic i sáin. Bhí Nikola Pašić, mar phríomh-aire bainteach le cuid mhaith na rialtais go dtí gur fuair sé bás sa bhliain 1926. I ndiaidh feallmharú Stjepan Radić sa bhliain 1928, dáthraigh Rí Alexander ainm na tíre go dtí An Iúgslaiv. Níor chabhraigh athraithe an Rí le dearcadh na Crótaigh ar an tír. Sa bhliain 1933 feallmharaigh Vlado Chernozemski, baill IMRO (le cabhair ón Ustaise), Rí Alexander in Marseille. I ndiaidh Alexander tháinig a mhac Peter II i gcomharbacht, bhí sé 11 bliain d'aois, áfach, agus mar sin bhí leasríocht faoin bPionsa Pól i gceannas. Ar deireadh tháinig Príomh-Aire Dragiša Cvetković ar chomhréiteach le hionadaí na Cróite, Vladko Maček. I Mí na Samhna, 1939 chruthaigh comhaontú Cvetković–Maček Ban féinrialaitheach na Cróite. Ní raibh gach duine sásta leis an réiteach seo, go háirithe náisiúnaithe Seirbiaigh
Féach Freisin: An Iúgslaiv sa Dara Cogadh Domhanda
Chuir Hitler brú ar an Iúgslaiv bheith páirteach sa Chomhaontú Trí-phairtí. Ar deireadh rinne an Leasrí, Pionsa Pól, beart leis na Gearmánaigh ar 25 Márta 1941. Ní raibh pobal na Seirbia nó an arm sásta leis seo, agus iad go mór i gcoinne cumhachtaí na haise. D'eagraigh grúpa oifigigh airm frith-Phól coup d'état ar 27 Márta 1941, agus cuireadh Rí Peter II na Iúgslaiv i gcumhacht. Nuair a chuala Hitler an nuacht seo, bhog sé le hionradh scriosach a dhéanamh ar an tír láithreach. Roinneadh an réigiún Seirbia idir an Ungáir, An Bhulgáir, An Chróit neamhspleách agus an Iodáil (a bhí ag rialú an Albáin agus Montainéagró). Chuir an Ghearmáin rialtas puipéid i gceannas faoi Milan Aćimović agus Milan Nedić. Thosaigh Cogadh Cathartha san áit idir fórsaí ríogaí na Seitnicigh le Draža Mihailović i gceannas agus Páirtínigh Cummanaigh le Josip Broz Tito i gceannas. Agus iad ag troid i gcoinne a chéile bhí siad ceaptha 's a bheith ag troid i gcoinne fórsaí an Stáit aise. Tar éis bliain amháin maraíodh thart ar 16,000 Iúdaigh Serbiach san áit, sé sin 90% de dhaonra Iúdach na tíre. Bhí an rialtas puipéid eile, Stát neamhspleách na Cróite, páirteach i ngéarleanúint ar an mórchóir ar Seirbiaigh, Iúdaigh agus Roimis. Is é meastachán Iarsmalann Cuimhneachán an Uileloiscthe gur mharaigh an Rialtas Ústaise idir 330,000 agus 390,000 Seirbiaigh a bhí ina chónaí sa Chróit, Bhoisnia agus Seirbia. As na 1,000,000 taismigh in iomláin bhí 250,000 mar shaoránach Seirbia. Bhunaigh na Páirtínigh Poblacht Užice in Iarthar na Seirbia san Fhómhair 1941. Faoi dheireadh 1944, bhí lámh in uachtar ag na Partínigh in Ionsaí Bhéalgrád sa chogadh cathartha agus sa chogadh ginireálta agus bhí smacht acu ar an Iúgslaiv iomláin. Maraíodh idir 70,000 agus 80,000 sa tSeirbia i rith smachtú na Cummanaigh ag deireadh an chogaidh.
Féach Freisin: Daonphoblacht Fheidearálach na hIúgslaive
Bhí an bua ag na cummanaigh agus fuair siad réidh leis an Monarcacht le cabhair reifreann. Bhunaigh Léig Cummanaigh na Iúgslaiv Stát Aonpháirtí agus cuireadh gach saghas codarsnacht i gcoinne an Stáit nó Soisialachas faoi chois chomh maith le deireadh a chur le náisiúnachas na réigiúin. Bhí Seirbia mar phoblacht lastiagh den DFI. Ba ea Aleksandar Ranković, mar an polaiteoir is cumhachtach san Iúgslaiv ag an am. Chomh maith le Tito ar ndóigh, bhí Edvard Kardelj, Milovan Đilas agus Ranković lárnach i rialú na tíre. Sa bhliain 1950, thuraiscigh sé mar aire Gnóthaí Baile gur ghabhadh cúig milliún daoine. Chaill sé a phost sa bhliain 1966 de bharr cluasaíocht a bhí á dhéanamh aige mar ceannaire na póilíní rúnda. Bhí teannas áirithe idir é féin agus Tito le Kardelj lena smaointe faoi náisiúnachas agus lárnú chomh maith. Bhí cháill aige i measc na náisiúnaithe agus ní raibh na Seirbiaigh sásta nuair a chaill sé a phost. D'éirigh leis na leasaithe dí-lárnú a dhéanamh san Iúgslaiv go háirithe leis an mbunreacht nua sa bhliain 1974, tugadh cumhachtaí féinrialaitheach don Chosaiv agus Vóvaidín, ag tabhairt aitheantais áirithe don mhionlach Moslamach. De bharr na leasaithe seo d'athraigh póilíní na Cosaive ó Seirbiaigh don chuid is mó go hAlbánaigh agus chaill chuid mhaith Seirbiaigh a bpost. Lean na fadhbanna ar aghaidh, áfach, agus tugadh Ollscoil Pristine le Albáinis mar theanga teagaisc. Chothaigh na hathraithe seo eagla i measc na Seirbiaigh san áit agus ní raibh Tito in ann deireadh iomláain a chur le náisiǘnachas sa réigiún.
Sa bhliain 1989 tháinig Slobodan Milošević i gcumhacht i Seirbia. Gheall Milošević go gcuirfeadh sé deireadh le cumhachtaí féinrialaitheach Cosaive agus Vóvaidíne. I rith an 'Réabhlóid Frith-Maorlathach', d'éirigh leis a chuid tacadóirí a chuir i gcumhacht iontu. Chothaigh na gluaiseachtaí seo teannas i measc na ceannairí cummanaigh agus lasadh náisiúnachas ar fud na tíre. De bharr an teannas idir na grúpaí eitneach agus náisiúin éagsúil bhris Cogaidh na hIúgslaive amach. Bhí chuid mhaith den troid sa Chróit agus Bhoisnia idir na Seirbiaigh nach raibh sásta le neamhspleáchas ón Iúgslaiv. D'fhan Daonphoblacht Fheidearálach na hIúgslaive amach ón gcogadh go hoifigiúil ach thug sí tacaíocht míleata agus airgeadais do fhorsaí na Seirbiaigh sa Chróit agus Bhoisnia. De dheasca an tacaíocht seo chuir na Náisiúin Aontaithe smachtbhanna ar bun i gcoinne na hIúgslaive a chuir le leithlisiú polaitiúil, meath geilleagrach na tíre agus hipearbhoilsciú an dinar Iúgslaive. D'fhógraíodh daonlathas ilpháirtí i Seirbia sa bhliain 1990, ag cur deireadh le riail aonphairtí go hoifigiúil. Deireann criticí Milošević gur lean an rialtas le riail tiarnasach in aineonn na hathraithe seo. Chuir Milošević cosc le tuairisciú ag na meáin neamhspleách de na hagóidí i gcoinne an rialtais agus theorannaigh sé saoirse labhartha le hathraithe sa chód coiriúil, dá bharr cuireadh a lán daoine a bhí i gcoinne Milošević agus an Rialtas i bpríosún.
Sna toghcháin áitiúil sa bhliain 1996, chaill páirtí Milošević, PSS, agus bhí gearáin faoi chalaois toghcháin ach dhiúltaigh siad aitheantas a thabhairt do na gearáin agus an toradh. Bhí agóidí móra go háirithe i mBéalgrád dá bharr. D'éirigh le Milošević cumhacht a fháil arís nuair a toghadh é mar uachtarán sa bhliain 1997. Thar barr ar sin bhí eachtraí sa Chosaiv ag dul in olcas agus idir 1998 agus 1999, bhris cogadh amach idir arm na hIúgslaive agus Arm Saoirse na Cosaive agus rinne NATO buamáil ar Seirbia. I Meán Fómhar 2000, bhí gearáin arís faoi chalaois toghcháin. Thosaigh Freasúra Daonlathach na Seirbia feachtas frithbheartaíocht shibhialta, comhghuaillíocht de pháirtí frith-Milošević ab ea é. Ar an 5 Deireadh Fómhair tháinig leath milliún daoine ón tír iomláin go Béalgrád, ag áitiú ar Milošević géilleadh. Chuir briseadh Milošević le deireadh aonrú na hIúgslaive. Cuireadh Milošević go dtí an Binse Coiriúla Idirnáisiúnta don Iúgslaiv. Sa bhliain 2003, athainmníodh an tír mar Seirbia agus Montainéagró agus d'oscail an Aontas Eorpach idirbheartaíocht leis an tír don Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais. Ar an 21 Bealtaine 2006, bhí reifreann ag Montainéagró faoi neamhspleáchas agus an lá dár gcion bhí 55.4% tar éis vóta a chaitheamh ar a shon. Bhí fadhbanna poilitiúla fós ag Seirbia. Sa bhliain 2003, d'fheallmharaíodh an Príomh-Aire, Zoran Đinđić de bharr a pholsaithe i gcoinne coireacht eagraithe agus caimiléireacht. I mí na Nollaig 2009 cuir Seirbia iarratas oifigiúil bheith mar bhaill san AE agus rinneadh iarrthóir oifigiúil di i Mí Márta 2012.
Lonnaite idir Lár agus Deisceart na hEorpa, tá Seirbia suite ar leithinis na mBalcán agus Machaire Panónach. Leis an gCosaiv san áireamh, tá sí ag suí idir domhanleithid 41° agus 47° T, agus domhanfhaid 18° agus 23° E. Tá gnéithe áirithe topagrafach le feiceáil sa tír: An Machaire Panónach (An Vóvaidín don chuid is mó) ísealchríoch aibhneacha, Sléibhte na mBalcán agus Cairp, na hAlpa Dinaric, chomh maith le cnoic ag síneadh thar lár na tíre. Ritheann an Danóib tríd Seirbia le 21% den fad iomláin sa tír, in éineacht lena fo-abhainneacha is mó, Sava agus Tisza. Tógann Vóvaidín tríú chuid den tír ó thuaidh agus í súite ar Mhachaire Panónach lár na hEopra. Éiríonn na hAlpa Dinaric ó dheas agus clúdaíonn siad chuid mhaith de lár agus iarthar na Seirbia. Trasnaíonn an teorainn oirthearach leis na Sléibhte Cairp, a leanann trí Lár na hEorpa. Buaileann deisceart na Cairpigh le Sléibhte na mBalcán, ag leanacht sruth an Mhoráiv Mhór, abhainn 500 cm ar fad. Is í Sliabh Midžor an pointe is airde in oirthear na Seirbia ag 2156 m. In oirdheisceart na tíre buaileann Sléibhte na mBalcán le Sléibhte Rhodope. Déanann Sléibhte Šar teorainn idir An Chosaiv agus an Albáin, le Đeravica an sliabh is airde ag 2656 méadar.
Go ginearálta tá Seirbia faoi thionchar an Aigéan Atlantach agus an Meánmhuir chomh maith le mórchríoch Eoráise. I mí Eanáir bíonn meán teocht thart ar 0 °C aici, agus i mí Iúil thart ar 22 °C. Bíonn thart ar 50 mm/mí agus go ginearálta bíonn sé dáilte go cothrom ar feadh na bliana. Ó thuaid bíonn an aimsir cosúil leis an chuid eile den mór roinn, geimhrí fuara agus samraidh te, taiseach le báisteach dáilte go cothrom. Ó dheas bíonn an samradh agus fómhár níos tirime agus bíonn an geimhreadh níos fuaire le sneachta sna sléibhte. Chomh maith leis sin bíonn airde, aibhneacha móra agus gaireachta don Muir Aidriad tábhachtach i leith difríochtaí aeráide. Ba é −39.5 °C an teocht is isle a thaifeadh i Seirbia ar 13 Eanáir 1985, ag Pešter, agus ba é 44.9 °C an teocht is airde ar 24 Iúil 2007, ag Smederevska Palanka.
Tá níos mó ná 30% de Seirbia clúdaithe ag coillte.[1] Tá 377 achar cosanta i Serbia, sé sin 4,947 cm2 nó 6.4% den tír. Tá sé ráite i "Spásphlean Poblacht na Seirbia" gur cheart achar cosanta a ardú go 12% den tír faoin mbliain 2021.[2] Faoi láthair tá cosaint dlíthiúil ag 5 páirc náisiúnta (Đerdap, Teamhrach, Kopaonik, Fruška Gora agus Sliabh Šar), 15 páirc nádúrtha, 15 "Tírdhreach Sárscéimhe", 61 anaclann dúlra, agus 281 gnéithe dúlra.[3] Tá Sliabh Teamhrach in iarthar Seirbia ar cheann de na réigiúin deireanaí san Eoraip ina bhfuil béir ina gcónaí go hiomláín saor.[4]
Rinne buamáil NATO sa bhliain 1999 dochar fadtéarmach don timpeallacht, de bharr na mílte tonna ceimice nimhiúil a scaoileadh ó monarchann a scroiseadh isteach san ithir, atmaisféar agus uisce le tionchar ar dhaoine agus fiadhúlra áitiúil. Níl athchúrsáil ag tarlú go ginearálta le 15% den bruscar á athúsáid.[5]
Is é an Danóib an abhainn is mó le 588 cm agus is é foinse tábhachtach uisce úr. Is iad Sava, Morava, Tisza, Drina agus Ibar aibhneacha tábhachtach chomh maith. Doirteann formhór na haibhneacha isteach sa Mhuir Dhubh, tríd na Daóibe. Is é Belo Jezero an loch is mó, suite sa Vóvaidín, 25 cm² agus is é Jelovarnik an eas is airde ag 71 méadar in Kopaonik.
Abhainn | Cm in Seirbia | Fad Iomláin (km) |
Méid Tíortha | |
---|---|---|---|---|
1 | An Danóib | 588 | 2783 | 9 |
2 | Morava Mór | 493 | 493 | 1 |
3 | Ibar | 250 | 272 | 2 |
4 | Drina | 220 | 346 | 3 |
5 | Sava | 206 | 945 | 4 |
6 | Timok | 202 | 202 | 1 |
7 | Tisza | 168 | 966 | 4 |
8 | Nišava | 151 | 218 | 2 |
9 | Abhainn Timiş | 118 | 359 | 2 |
10 | Begej | 75 | 244 | 2 |
Is poblacht pharlaiminteach í Seirbia le córas ilpháirtí. Tá Comhthionól Náisiúnta aon seomra reachtaigh aici agus toghtar 250 go cionmhar ar feadh téarma ceithre bliana. Déanann an Príomh-Aire leis na hairí rialtais na cinneadh tábhachtach. Toghtar uachtarán a freastalaíonn mar cheann stáit agus is post ainmniúil é an tUachtarán don chuid is mó. Bhí an toghcháin is déanaí ar 6 Bealtaine May 2012. Bhuaigh Páirtí forásach na Seirbia ach bhí air comhrialtas a fháil ar deireadh. Is é Tomislav Nikolić Uachtarán na tíre ó 2012. Ó 1999 tá an Cosaiv faoi riail UNMIK de bharr Rún 1244 na Náisiúin Aontaithe. Tá rialtas sealadach le comthionól agus uachtaráin ann. Cé gur fhógraigh an tionól neamhspleáchas ó Seirbia, níl aitheantas forleathan faighte aici. I dtuairim Seirbia tá an fógra mí-dleathach agus neamhdhlisteanach.
Roinntear Seirbia i 5 réigiúin éagsúil: Vóvaidín, Béalgrád, Šumadija agus Iarthar Seirbia, Deisceart agus Oirthear Seirbia agus Cosaiv & Metohija. Tá Vóvaidín agus Cosaiv mar Chúigí Féinrialaitheach. Tharr sin tá Seirbia roinnte i 150 Bardais agus 24 cathracha mar aonaid rialtais áitiúla. As sin tá 47 suite in Deisceart agus Oirthiar Seirbia, 52 in Šumadija agus Iarthar Seirbia, 39 in Vóvaidín agus 28 (nó 37) sa Chosaiv. Tá 6 cathair suite in Deisceart agus Oirthear Seirbia, 10 i Šumadija agus Iarthar Seirbia, 6 i Vóvaidín, agus 1 sa Chosaiv, agus ar ndóigh Béalgrád le stádas ar leith mar phríomhchathair.
Tá 64 ambasáide, agus 22 consalachta i measc 14 tíortha aici, chomh maith le 3 ionadaí seasta chuig na Náisiúin Aontaithe agus roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Tá 65 ambasáide agus 5 conslachta lonnaithe insan tír í féin. Tá ionadaí ó Údarás Náisiúnta na Palaistíne chomh maith. Tá Seirbia mar bhall de eagraíochtaí idirnáisiúnta tábhachtach ina measc: NA, Comhairle na hEorpa, ESCE, Comhpháirtíocht na Síochána, CEMD agus CSEL. Tá sí freisin mar iarrthóir oifigiúil le bheith mar bhaill den Aontas Eorpach. Dúirt iar uachtarán na Seirbia Boris Tadić go raibh gnóthaí leis an Aontas Eorpach, An Rúis, Na Stáit Aontaithe agus An tSín mar "ceithre cholún" gnóthaí eachtra na Seirbia.
Ar an 17 Feabhra 2008, d'fhógair an chúige Cosaive neamhspleáchas ó Seirbia, ag bunú Poblacht na Cosaive. I measc tíortha eile, ní thugann Seirbia, An Rúis, An tSín aitheantas oifigiúil don stáit. Tá Seirbia réidh le bac a chur os chomhair Cosaive agus í ag iarraidh bheith mar bhall eagraíochtaí idirnáisiúnta agus níl iarratas curtha isteach chuig na NA ag Poblacht na Cosaive fós. Nuair a thug tíortha áirithe aitheantas do Chosaive, tharraing sé a chuid ambasadóirí mar agóid. Ní dheidéileáileann Seirbia leis an gCosaiv ach tríd eagraíochtaí mar UNMIK agus EULEX. Tá cainteanna ag dul ar aghaidh idir Seirbia agus an Chosaiv le cabhair ón AE sa Bhruiséil. Chuir Seirbia iarratas isteach le bheith mar bhaill an Aontas Eorpach i mí Nollaig 2009. In ainneoin fadhbanna áirithe, i mí Nollaig 2009, thosaigh an AE ag trádáil arís léi agus níl gá le víossa ag Seirbiagh sna tíortha Schengen. Fuair Seirbia stádas iarrthóir oifigiúil don AE ar 1 Márta 2012.
Ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh tá Seirbia tar éis forbairt ó tír a raibh a geilleagar bunaithe ar talamhaíocht go geilleagar ina bhfuil talamhaíocht agus mianadóireacht fós tábhachtach. I rith ré na Iúgaslaive bhí sé forbartha measartha mar aon le meán an tír iomláin ach bhí difríochtaí áirithe ó réigiúin go réigiúin. Bhí Béalgrád mar an chathair is mó forbartha sa tír leis an gCosaiv mar an réigiúin is lú forbartha chomh maith leis an réigiúin úd in aice an teorainn le Montainéagró. Tháinig meath ar gheilleagar na Seirbia de bharr briseadh suas na Iúgaslaive, agus buamáil NATO i rith 1999.
Bhí brú mór ar gheilleagar na Seirbia ag tús na 1990í de bharr smachtbhanna a chuir na Náisiúin Aontaithe uirthi sa bhliain 1992 mr gheall ar an gcogadh sa Chróit agus Boisnia. Cuireadh deireadh iomláin leis na smachtbhanna sa bhliain 2005 nuair a normalaigh siad a chuid trádála leis na Stáit Aontaithe.
Tá 16,6% den OTI in earnáil na talmhaíochta, in earnáil na tionsclaíochta; 25,5%, in earnáil an fháilteachais; 57,9%. Sa bhliain 2008 bhí an OTI iomláin ag 79,662 billiúin dollar agus bhí an OTI in aghaidh an duine ag 10,792 dollar. Tá talmhaíochta an-tábhachta sa Vóvaidín. Fásann siad cruithneacht, coirce, lus na gréine, pónáirí soighe agus glasraí. Tá cáil ar Šumadija dá úllord; tagann fíon ó Vršac, sléibhte Fruške gore agus Župa. Tá feirmeoireacht ainmhí go háirithe i Raškoj agus oirthear Seirbia. Tá ithir Metohija ag fás arbhar. Sa Chosaiv tá an suíomh is mó ligníte san Eoraip. Tá copar le fáil i measc sléibhte Homoljska. I dtuaisceart Banata tá neart ola agus gas nádúrtha le fáil.
Tá thart ar 2,961,000 i lucht oibre Seirbia le ráta dífhostaíochta 14% (50% sa Chosaiv), 30% in earnáil talmhaíochta, 46% in earnáil tionsclaíochta agus 24% in earnáil an fháilteachais. Tá ráta boilscithe thar 6.5% aici.
Faigheann Seirbia a chuid earraí don chuid is mó ó thíortha san Aontas Eorpach (An Ghearmáin, An Ostair, An Iodáil), na Stáit Aontaithe, Daon-Phoblacht na Síne. Díolann Seirbia chuid dá chuid earraí do tíortha an iar-Iúgslaive, Poblacht Seirbia (B&H) agus an An Mhacadóin. Tá easnamh na n-iomportáile aici ag thart ar 6 billiúin dollar (2005).
Tá 7,120,666 (Deireadh Fómhair 2011) daoine ina gcónaí sa tír (gan an Chosaiv san áireamh), agus de réir tomhais an CIA, tá 1.8 milliún daoine ina gcónaí sa Chosaiv, formhór dóibh ina Albánaigh le mionlach Seirbiagh Cosaive chomh maith. Is iad Seirbiagh tromlach na tíre ar ndóigh, 83% den daonra (gan an Chosaiv san áireamh). Tá 290,000, Ungáraigh ina gcónaí sa tír, 3.9% den daonra iomláin (agus 14.3% de dhaonra Vóvaidín). Chomh maith leo siúd tá mionlaigh eile mar Boisniaigh, Roma, Albánaigh, Crótaigh, Bulgáraigh, Montainéagróigh, Macadónaigh, Slóvacaigh, Vlacaogh, Rómánaigh, agus Sínigh. De réir tomhais na NA, tá thart ar 500,000 Roma ina gcónaí i Seirbia. Tá an daonra teifeach is mó san Eoraip aici, thart ar 7% – tháinig thart ar leath milliún teifigh i ndiaidh Cogaidh na hIúgslaive chuig an tír, go háirithe ón gCróit, chomh maith le Boisnia. Deirtear gur fhág thart ar 300,000 daoine de réir na 1990í. Tá daonra sean ag Seirbia (agus i measc na tíre is sine ó thaobh daonra de ar domhain), de dheasca ráta breith íseal.
Tá Seirbia ar cheann de na tíortha is measctha san Eoraip ó thaobh reiligiún de. Is í Ortadocsacht an Oirthir an chreideamh is mó, le Caitliceachas agus Moslamaigh mar reiligiúin mionlaigh, chomh maith le roinnt creidimh eile. Tá roinnt Eaglais Cheartchreidmheach eile sa tír ina measc Rómánaigh, Vlachaigh, Macadónaigh agus Bulgáraigh mar sin, le chéile tá 84.6% den tír Ortadocsach. De réir daonáireamh 2002, bhí 68.97% den daonra Ortadocsach, 19.11% Caitliceach agus 3.55% Protastúnach sa Vóvaidín. Sna réigiúin Seirbia Láir agus Béalgrád tá níos mó ná 90% den daonra Ortadocsach. Sa Chosaiv tá 89% den daonra mar Moslamaigh Albánaigh.
Tá an Caitliceachas i láthair sa Vóvaidín go háirithe ó thuaidh de bharr na mionlaigh atá ina gcónaí inti ar nós na hUngáraigh agus na Crótaigh, chomh maith le roinnt Slóvacaigh agus Seicigh. Tá thart ar 388,000 Caitlicigh sa tír nó 5.5% den daonra. Tá roinnt protastúnaigh (1.1%) i measc na mionlaigh sa Vóvaidín chomh maith. Go stairiúil tá pobal láidir Moslamach sa deisceart – Deisceart Raška agus Gleann Preševo Siar ó dheas ach go háirithe. Is Boisniacigh iad, den chuid is mó, le 140,000 daoine nó 2% den daonra, agus ansin Albániagh. I ndiaidh Ionchoisnena Spáinne tháinig roinnt mhaith Iúdaigh le cónaí sa tír. Tógadh go maith leo sna aoiseanna a tháinig ina dhiaidh ach níos déanaí de bharr na Cogaidh sa 20ú haois níl an daonra Iúdach chomh láidir a thuile. Sa lá atá inniu ann tá thart ar 1,185 Iúdaigh Seirbiagh. Go ginearálta tá reiligiún an-tábhachtach i leith náisiúnachas an réigiúin agus na tíre agus bíonn an Eaglais Cheartchreidmheach páirteach uaireanta i gcúrsaí polaitíochta na tíre.
Is í Seirbis an teanga oifigiúil agus í á labhaurt ag 88.09% den daonra. Is teanga slávach í ar ndóigh, gaol láidir aici leis an mBoisnis agus Cróitis. Baintear úsáid as an aibítir Choireallach, atá go hiomláin foghraíoch, len í a scríobh. Tá aitheantas áirithe ag cúig teanga eile sa Vóvaidín: Ungáiris, Slóvaicis, Cróitis, Rómáinis, Rúitéinis. Ar ndóigh tá Albáinis á labhairt ó dheas agus sa Chosaiv.
Ar feadh na céadta bliana bhí Seirbia roinnte idir Oirthir agus Iarthar Impireacht na Róimhe; ansin idir Ríocht na hUngáire agus Impireacht na Bulgáire, Ríocht na bhFranc agus an Bhiosáint; ansin idir Impireacht Otamánach agus Impireacht na hOstaire chomh maith leis an Veinéis ó dheas. Chuaigh cultúir na himpireachtaí éagsúla i gcion go mór ar cultúr na tíre. Tá cuma Eoraip Láir i dtuaisceart na tíre, sa deisceart, áfach tá níos mó airí Balcáin nó Meánmhuir aici.
Bhí tionchar Bhiosántach an-tábhactach de bharr Críostaíocht an Oirthir a tháinig go dtí Seirbia sna Meánaoiseanna. Tá stádas lárnach ag Eaglais Cheartchreidmheach na Seirbia san áit, agus tá na céadta mainistéirigh fós ann mar iarsmaí cultúrtha na tíre. Tá ocht suíomh ar liosta UNESCO: Príomhchathar na Meánaoiseanna, Stari Ras, Mainistir ón 13ú haois, Sopoćani, Mainisir ón 12ú haois, Studenica, agus iarsmaí meánaoiseach atá i mbaol sa Chosaiv; na mainistéirigh Visoki Dečani, Muire Mháthair Ljeviš, Gračanica agus Patrarc Peć. Chomh maith leo siúd tá estát Rómhánach Gamzigrad–Felix Romuliana.
Freisin tá dhá cuimhneachán liteartha, UNESCO: Leabhar Miroslav ón 12ú haois, agus carlann Nikola Tesla i mBéalgrád.
Bhí baint mhór ag deartháireacha Cyril agus Methodius le litearthacht Seirbia. Ag tosú sa 12ú scríobhadh leabhair in Coireallach. Tá Leabhair Miroslav an leabhar Seirbis is sine. I measc na scríbhneoirí tábhcatacha sna meánaoiseanna bhí: Sava Nemanjić, Nun Jefimija, Stefan Lazarević, Constantine Kostenets. I ndeireadh an 17ú haois. bhí scríbhneoirí mar Andrija Zmajević, Gavril Stefanović Venclović, Jovan Rajić, Zaharije Orfelin tábhachtach. Níos déanaí tháinig Dositej Obradović agus Jovan Sterija Popović ar an bhfód.
Sa 19ú haois bhí athbheocháin cúltúrtha ag dul ar aghaidh. Rinne Vuk Stefanović Karadžić bailiúcháin ar litríocht na ndaoine, leasaigh sé an teanga agus litríú chomh maith le haistriúcháin nua ar an Tiomna Nua. Sa chéad chuid den 19ú haois bhí Rómánsaíocht coitianta, agus ansin tháinig Réalaíoch chuig an tír. Sa 20ú haois tá cáil idirnáisiúnta ar leith ag Ivo Andrić a bhuaigh an Duais Nobel na Litríochta don úrscéal Droichead ar an Dríona chomh maith le scríbhneoirí mar Isidora Sekulić, Miloš Crnjanski, Branko Ćopić, Meša Selimović, Borislav Pekić, agus Milorad Pavić. Chomh maith leo siúd bhí filí tábhachtach mar Milan Rakić, Jovan Dučić, Desanka Maksimović, Miodrag Pavlović, Vladislav Petković Dis, Branko Miljković, Vasko Popa.
Ag deireadh an 20ú haois agus tús and 21ú haois tá cáil áirithe idirnáisiúnta ag Milorad Pavić mar gheall ar a úrscéal Úrscéal na Kazaraigh, mar aon le Momo Kapor, Goran Petrović, Svetlana Velmar-Janković, Svetislav Basara agus Zoran Živković. Tá 551 leabharlann phoiblí i Seirbia, ina measc dhá Leabharlann Náisiúnta; ceann acu i mBéalgrád le thart ar 5 milliún imleabhair agus Matica Srpska (institiúid cultúrtha is sine sa tír bunaithe sa bhliain 1826) i Novi Sad le thart ar 3.5 milliún imleabhair.
Sa bhliain 2010 d'fhoilsiú 10,989 leabhair agus bróisiúir. Tá Margadh Leabhair Béalgrád ar siúil gach bliain agus í mar an ócáid cúlturtha is mó sa tír le 158,128 cuairteoirí sa bhliain 2013. Is é an Duais NIN, an duais is tábhachtach liteartha sa tír a bhronntar gach Eanáir don leabhair nua is fearr i Seirbis.
I leith scannáin tá clú agus cáil ag Emir Kusturica toisc gur bhuaigh sé an Paln d'or dhá huaire ag Féile Scannán Cannes, do na scannáin When Father Was Away on Business sa bhliain 1985 agus Underground sa bhliain 1995.
Deirtear gurb é an cumadóir agus ceoleolaí Stevan Stojanović Mokranjac athair ceol nua-aimseartha Seirbia. Tá trí árais ceoldrámaíochta sa tír agus ceithre ceolfhoireann shiansach. Tá BEMUS ar cheann de na féilí ceoil clasaiceach is cáiliúla in Oirdeisceart na hEorpa.
Sa cheol traidisiúnta úsáidtear uirlisí mar na píoba uileann (Gaida), feadóga (idir móra agus beaga), coirn, trumpaí, liúiteanna, salmchruiteanna, drumaí agus ciombail. Glaotar kolo ar an damhsa céilí atá acu. Ar ndóigh bíonn éagsúlachtaí le feiceáil ó áit go háit. Bhí filíocht eipiciúil tábhachtach i mbéaloideas Seirbia agus na Balcáin ar feadh na céadta bliana agus uaireanta seintear an gusle le na dánta nó amhráin seo. Cur síos ar eachtraí stairiúil agus miotasúil ab ea na heipic seo.
Glaotar Turbo-folk ar cheoil a bhfuil mar mheascann de cheol na ndaoine le foghar pop agus damhsa comhaimseartha. I measc na ceoltóirí cáiliúla tá Ceca, Aca Lukas, Jelena Karleuša agus Seka Aleksić.
Tá Práis Balcánach, nó truba ("trumpa") cáiliúil chomh maith. Go stairiúil bhí baint aige le saighdiúirí ach anois bíonn sé le cloisteáil ag ócáidí tábháchtach mar bhaistiú linbh, bainis agus sochraid. Gach bliain bíonn Feili Trumpaí Guča le níos mó ná 300,000 daoine i láthair.
Bhí raic ceoil gníomhach sa tír sna 70í agus 80í agus ina measc na grúpaí cáiliúla tá Riblja Čorba, Bajaga i Instruktori, Električni Orgazam, Partibrejkers, agus Van Gogh. Sa bhliain 1985 chuaigh Rory Gallaghar ar thuras tríd an Iugaslaiv agus sheinn sé i mBéalgrád. Gach bliain bíonn féile ceoil EXIT ar siúil i Novi Sad, féile atá cáiliúil ar fud na hEorpa.
Tá móréileamh chomh maith ar cheol agus chultúr na hÉireann i Seirbia. Tá bannaí ceoil mar Orthodox Celts agus Irish Stew, i measc grúpaí eile, ag seinnt agus ag cur chun chinn ceol Éireannach sa réigiún. Tá leagan seolta ag na bannaí seo de amhráin cháiliúil Éireannach mar Star of the County Down,[6] Rocky Road to Dublin[7] agus Skibbereen.[8]
Tá tionchar ar leith ag na Pogues, Flogging Molly agus na Dubliners ar na bannaí seo agus go ginearálta baineann siad leis an seánra raic-ceilteach.[9] Cumann siad roinnt amhrán leo féin agus iad fós ag cloí le fuaim áirithe Éireannach agus bíonn ceol traidisiúnta le cloisteáil iontu chomh maith. Bíonn ceolchoirm mór ag Orthodox Celts ar Lá Fhéile Pádraig gach bliain i mBéalgrád agus tá clú agus cáil orthu ag seinm ag an bhFéile Beoir i rith an tsamhraidh chomh maith.[10]
Sa bhliain 2013 d'aigríodh Féile Éireannach, a chuir béim ar scannáin Éireannach agus bhí an fhéile ar siúil, le damhsóirí Lord of the Dance i láthair.[11] Sa bhliain 2015 tháinig Lisa Hannigan, bhí dramaíocht, scannáin agus neart ceoil chomh maith leis sin d'athraigh siad soilsí ar droichead thar na habhainn go glas mar chuid den Fhéile.[12]
Bíonn neart oíchí Éireannacha i dtíthe tábhairne éagsúil, go háithithe T-Pub, a chuireann ceol Éireannach chun chinn. Chomh maith leis sin tá trí grúpa éagsúil damhsóirí (Celtic Rhythm, Erin's Fiddle agus Irish Dance Belgrade) a dhéanann damhsa Éireannach agus damhsa ar an sean nós i mBéalgrád agus ar fud na tíre. Tá cumann lucht leanúna club sacair Celtic ann chomh maith.
Tá cosúlachtaí le feiceáil i mbia Seirbia agus bia a n-itear ar fud na Balcain. Tá tionchar ar leith ag teacht ón Ghréig, Tuirc agus Ostair. Tá bia an tábhachtach i saol na ndaoine go háirithe i rith saoire eaglasta mar Nollaig, Cáisc agus laethanta áirithe mar slava. Príomhbhia na tíre ná arán, feoil, glasraí agus torthaí agus táirgí déiríochta. Tá arán tábhachtach mar shampla go traidisiúnta tugadh arán agus salainn don aoi. Sainbhia áirithe ná ćevapčići (feoil mhionaithe griollta agus mar ispíní), pljeskavica (cosúil le burgar), sarma (cabáiste agus feoil mhionaithe), agus kajmak (uachtar téachta).
Freisin is mó leo alcól, go hairithe rakía (rakija), driogtha ó torthaí áirithe agus tá sé le fáil ar fud an réigiúin. Deirtear gurb é Slivovitsa (šljivovica), déanta le pluma, an deoch náisiúnta.
Tá spórt mar gné tábhachtach i sochaí Seirbia. Tá móréileamh áirithe ar na spóirt seo a leanas sacair, cispheil, leadóg, eitpheil agus peil-uisce. Mar aon le clubanna proifisiúnta spóirt sa Spáinn tá clubanna áirithe gníomhach i spóirt éagsúla. Is iad Crvena Zvezda, Partizan, agus Beograd na clubanna lonnaithe i mBéalgrád, Vóvaidín i Novi Sad, Radnički i Kragujevac agus Spartak in Subotica na cinn is mó agus is rathúla sa tír. Is é sacair an spórt is cáiliúil i Seirbia. Thar na blianta tháinig roinnt imreoirí peile cáiliúla ón réigiúin mar Dragan Džajić agus le déanaí Nemanja Vidić (a imríonn le Manchester United), Dejan Stanković agus Branislav Ivanović. Le déanaí níl ag éirí go maith leis an bhfoireann náisiúnta cé gur glac sí páirt i gCorn an Domhain trí huaire as na cúig cinn is déanaí. Is iad Crvena Zvezda agus Partizan (as Béalgrád) na príomhchlubanna sacair sa tír. Is é Red Star an t-aon club ón Oirthear a bhuaigh príomhchorn UEFA (seachas Steaua Bucarest), bhuaigh siad Corn na hEorpa sa bhliain 1991. Bhí Partizan mar an chéad foireann ón oirthear a d'imir i craobh corn Eorpach (1966). Glaotar an Dearbaí Síoraí ar iompairc an dá club agus é mar an iompairc spóirt is spreagúil ar domhain. Imríonn siad i SuperLiga na Seirbia leis breathnóirí is mó as na spóirt go léir. Is é Partizan curadh na tír faoi láthair.
I leith na cispheile is í Seirbia ceann de na tiortha is mó clú aige lasmuigh na Stáit Aontaithe. Tá craobh an domhain buaite ag na foireann na bhfear dhá huaire (1998 agus 2002), craobh na heorpa trí huaire (1995, 1997, agus 2001), agus bonn airgid sna cluichí Oilimpeacha 1996. Sa 20 bliain is déanaí tá 22 imreoirí Seirbiach tar éis imirt san NBA, Predrag "Peja" Stojaković (Sárimreoir NBA trí huaire), Vlade Divac (Sárimreoir NBA 2001 NBA agus Dámhachtain na Laoch FIBA), Predrag Danilović, Vladimir Radmanović, Nenad Krstić, Marko Jarić, agus Željko Rebrača ina measc. Tá clú agus cáil bainte amach ag "Scoil Cóitseálaí na Seirbia" de bharr na traenálaithe a tháinig uaidh. Bhí Partizan mar croabh an hEorpa sa bhliain 1992.
Tá móréileamh áirithe freisin ar leadóg de bharr rath Novak Đoković, agus rath áirithe na mban frieisn ma shampla Ana Ivanović agus Jelena Janković.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.