Staraí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Staraí ba ea Seán Seosamh Ó Conchubhair (a d'éag ar 2 Lúnasa 2022 agus as Cill Mhaoile ó dhúchas)[1] agus ar dhuine de chosantóirí móra an Ghaeloideachais in Éirinn.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 2 Lúnasa 2022 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí |
Teangacha | An Ghaeilge |
Bhí Seán Seosamh ina cheann feadhna ar an obair a bhain le Gaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí a bhunú sna 1970idí. Ba í Gaelscoil Mhic Easmainn, an chéad ghaelscoil nua a bunaíodh taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, toradh a shaothair.[3]
A chuid scolaíochta i Scoil na mBráithre Críostaí a thug Seán Seosamh go Trá Lí ar dtús. Chruthaigh sé go maith ansin mar scoláire agus é amuigh air go raibh bua na dteangacha agus na matamaitice araon aige. Bhí scoth na Gaeilge ag Seán Seosamh ar fhágáil na meánscoile dó, buachaill a rugadh agus a fuair a chuid scolaíochta sa nGalltacht.[4]
Bhí sé ag obair mar chléireach i monarcha próiseála feola CWS i dTrá Lí agus ina dhiaidh sin le comhlacht Denny’s. Phós sé Dawn ar an 30 Nollaig 1967. Thógadar a gceathrar clainne i bPáirc na Darach – Brian, Ruairí, Fiona and Aoife.
Ba é an duine deireanach de Choiste Cuimhneacháin Ruairí Mhic Easmainn 1966, an coiste a chinntigh gur tógadh an leacht cáiliúil do Mhac Easmainn ag Trá na Beannaí.
Sa bhliain 2000 d’fhoilsigh sé leabhar cuimsitheach faoin iománaíocht sa cheantar Cill Mhaoile, Kilmoyley to the Rescue.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.